Dáil debates
Thursday, 19 October 2023
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Údarás na Gaeltachta
9:40 am
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source
Tuigim tuairimí an Teachta ar an ábhar sin. Tá na tuairimí céanna aici maidir leis an eagraíocht eile atá faoi mo chúram, sé sin, Oifig na nOibreacha Poiblí. Maidir leis an taighde agus cad atá i gceist ag an Údarás a dhéanamh faoi láthair, úsáidtear maoiniú an Údaráis ar mhaithe le cuspóirí na heagraíochta mar atá sonraithe sa phlean straitéise 2021 go 2025 a chur i gcrích chun leas pobal na Gaeltachta. Tá an taighde seo mar ghné tábhachtach don anailís criticiúil gur gá a dhéanamh go tráth rialta chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil úsáid na maoine ag sásamh na cuspóirí straitéiseacha. Beidh an tÚdarás ag baint úsáid as an taighde sin go luath.
No comments