Dáil debates

Thursday, 19 October 2023

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

9:30 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá neart istigh sa fhreagra sin. Mar sin beidh orm é a léamh go cruinn. An rud is tábhachtaí ná go bhfuil an taighde críochnaithe agus is dea-scéal é sin.

Tá a lán ceisteanna curtha agam agus freagraí faighte. Is rud maith é. Is buntáiste é go bhfuil réimse leathan foirgnimh, talún, agus suíomhanna i seilbh an Údaráis a bhuí don obair a rinne sé agus Gaeltarra rompu. An rud a chuireann isteach orm ná go bhfuil na suíomhanna agus na monarchana folamh le tréimhse fhada anuas. Tá an taighde críochnaithe. Níor chuala mé aon fhocal maidir le plean a bheith ag eascairt as an taighde sin, go háirid ó thaobh úsáidí eile don talamh ar son foirgnimh agus suíomhanna agus le dul i dtreo, mar shampla, cúrsaí tithíochta. Tá an téama céanna tagtha aníos go mion minic ó thaobh géarchéim na tithíochta atá ar fud na Gaeltachta uilig. Cén soiléiriú gur féidir leis an Aire Stáit a thabhairt dom maidir le húsáid difriúla talún a chur chun cinn?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.