Dáil debates
Thursday, 19 October 2023
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Údarás na Gaeltachta
9:30 am
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source
Tuigim go bhfuil athbhreithniú Údaráis na Gaeltachta ar phunann maoine na heagraíochta críochnaithe anois. Le linn an athbhreithnithe, rinneadh taighde ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an bpunann sna seacht gcontae Gaeltachta agus tá cainteanna ar bun anois ar bhonn leanúnach leis na cliantchomhlachtaí atá ina dtionóntaí cheana féin agus le cliaint nua atá ag iarraidh spáis tráchtála nó spás níos mó a thógáil ar cíos.
Níos minice ná a mhalairt bíonn obair le déanamh ar fhoirgnimh mar chéad chéim do thionóntaí agus bíonn aon chaiteachas caipitil le glanadh ag bord an údaráis. Bíonn iarratais ar allúntais caipitil ag dul os comhair an bhoird ar bhonn leanúnach agus ceadaítear tograí agus maoiniú ina leith de réir a chéile agus ar bhonn riachtanas. Mar is eol don Teachta Connolly, mar shampla, fógraíodh 100 post i monarchan theic-leighis Freudenberg ar an 2 Deireadh Fómhair sa Spidéal i gContae na Gaillimhe. Bíonn saolré fada i gceist lena leithéid de fhógra ar mhaithe le foirgneamh ar an gcaighdeán cuí a fhorbairt a mheallfaidh rólanna ar ardchaighdeán chun na Gaeltachta i bhfianaise géar-iomaíochta d'infheistíocht dá leithéid.
Tá ráite ag an údarás go bhfuil próiseas inmheánach pleanála ag teacht chun críche a bheidh mar bhunchloch d'fhorbairtí nua a bheidh ag dul os comhair bhoird na heagraíochta le hallúntais caipitil a cheadú do thograí a bheidh ar bun as seo go ceann roinnt bliana. Mar a thuigim ón údarás, tá teagmháil leanúnach ar bun le cliaint reatha, cliaint nua, údaráis áitiúla agus soláthróirí seirbhisí. Beidh na tograí sin ar fad á bhforbairt go céimiúil le dul i dtreo an próisis pleanála agus aon chomhairliúcháin poiblí a bhaineann leis an bpróiséas sin.
No comments