Dáil debates
Thursday, 19 October 2023
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Údarás na Gaeltachta
9:40 am
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source
Is ceisteanna iad sin do bhord an Údaráis féin. Rinne mé dearmad mo bhuíochas a ghabháil agus rath a ghuí ar na baill atá ceaptha ar bhord an Údaráis le déanaí. Is iad sin: Máire Áine Uí Ailín, Sonya Uí Shíoda, Caitlín Ní Bhroin, Micheál Ó Drisleáin, Seán Ó Cuirreáin, agus cathaoirleach an bhoird, Mary Uí Chadhain. Tá súil agam go mbeidh mé in ann buaileadh le baill an bhoird go luath agus na ceisteanna atá ag an Teachta Connolly a chur ós comhair an bhoird. B'fhéidir go mbeidh díospóireacht againn maidir leis an taighde atá críochnaithe acu agus ar na ceisteanna atá ag an Teachta. Ní aon amhras orm ach go bhfuil na ceisteanna sin an-tábhachtach do phobal na Gaeltachta agus b'fhéidir go mbeidh seans agam filleadh ar an Teach nuair ata an cruinniú sin leis an mbord críochnaithe.
No comments