Dáil debates
Tuesday, 17 October 2023
Ceisteanna Eile - Other Questions
Oideachas trí Ghaeilge
5:00 pm
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail) | Oireachtas source
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Teachta Ó Muimhneacháin as a cheist. Tá céimeanna glactha ag mo Roinn chun an gealltanas atá i gclár an Rialtais maidir le polasaí agus straitéis don Ghaeilge sa chóras oideachais a chomhlíonadh le dúthracht. Tá an obair seo á cur chun cinn i gcomhthéacs chuspóirí na straitéise 20-bliain don Ghaeilge.
Ó foilsíodh é, tá an polasaí don oideachas Gaeltachta tar éis oideachas trí mheán na Gaeilge a neartú i gceantair Ghaeltachta. Faoin bpolasaí sin, tá tacaíocht láidir tugtha ag mo Roinn do scoileanna Gaeltachta tríd an scéim aitheantais. Tá critéir theanga leagtha amach do na scoileanna chun a chinntiú go bhfuil oideachas den scoth á chur ar fáil acu trí mheán na Gaeilge. Chun tacú leis an obair seo: cuirtear deontas ar fáil dóibh chun ábhair a cheannach; faigheann siad uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge bunaithe ar rollú na scoile; baineann siad leas as cuairteanna comhairleacha ón gcigireacht; agus tugann an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, tacaíocht ghairmiúil dóibh chomh maith. Tríd an tionscadal e-hub do scoileanna Gaeltachta, tá scoláirí anois ag déanamh staidéir ar an fhisic agus ar an cheimic don ardteistiméireacht trí fhoghlaim ar líne. Ní raibh sé seo ar fáil dóibh roimhe seo. Chomh maith, tá infheistíocht déanta againn faoin bpolasaí chun soláthar na múinteoirí atá in ann oibriú go héifeachtach trí Ghaeilge a mhéadú. Is féidir tionchar dearfach an pholasaí a mhothú i scoileanna agus i bpobail ar fud na Gaeltachta.
Tá obair faoi lán seoil i mo Roinn chun polasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht freisin. Tógann an polasaí nua seo ar a bhfuil bainte amach ag an bpolasaí don oideachas Gaeltachta. Is céim thábhachtach eile i dtreo cuspóirí chlár an Rialtais a bhaint amach é seo. Bunaíodh coiste stiúrtha le hionadaithe ó na Ranna agus ó na gníomhaireachtaí Rialtais chun maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt an pholasaí.
A public consultation process has been conducted to gather the views of stakeholders, including young people, parents, educational professionals, education stakeholders and Irish language organisations. There were three phases in the consultation comprising an online questionnaire, a call for written submissions and a series of focus groups and bilateral meetings between the Department and stakeholders.
No comments