Dáil debates

Tuesday, 17 October 2023

Ceisteanna Eile - Other Questions

Oideachas trí Ghaeilge

5:00 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá plé le fada ar straitéis don Ghaelainn laistigh den chóras oideachais ina iomláine ón réamhscolaíocht tríd an mbunscolaíocht agus an mheánscolaíocht agus ar aghaidh chuig an tríú leibhéal. An dtabharfaidh an tAire tuairisc dúinn maidir leis an dul chun cinn atá déanta leis an straitéis sin a chur i gcrích? Cad é an scéal is déanaí maidir leis?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.