Dáil debates

Thursday, 13 October 2022

An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2018: An Dara Céim [Comhaltaí Príobháideacha]

 

5:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim: "Go léifear an Bille an Dara hUair anois."

Beidh mé ag roinnt mo chuid ama leis na Teachtaí Farrell agus Ellis. Gabhaim leithscéal ar son na dTeachtaí Doherty agus Ó Laoghaire. Tógfaidh mé an deis, toisc go bhfuilimid ag déileáil le ceist Ghaeltachta, labhairt faoin rud truamhéalach a tharla an tseachtain seo caite i gCraoslach. Ba cheart go ndéanfaimis athchuimhneamh air agus muid ag caint faoi cheantar atá buailte leis an nGaeltacht agus orthu siúd a fuair bás agus iad a d'fhulaing toisc tragóid na seachtaine seo caite.

Tá áthas orm go bhfuilimid ag cur tús leis an díospóireacht seo faoi dheireadh thiar. Tá blianta caite ó mhol Sinn Féin an Bille seo don chéad uair sa Dáil agus sa Seanad roimhe sin. Is é bunús an Bhille seo ná le déanamh cinnte de go mbeadh na toghcháin dhíreacha a bhí ann d'Údarás na Gaeltachta roimh an éagóir a rinneadh in 2012 ann arís agus go gceartódh an éagóir sin chun go mbeadh toghcháin amach anseo d'Údarás na Gaeltachta, mar a bhí i gceist i gcónaí.

Is léir dom go bhfuil tacaíocht ann ó gach cearn den Ghaeltacht agus lasmuigh di chomh maith. Tá tacaíocht ann uathu siúd, atá fós timpeall, a bhí gafa le gluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta agus leis an bhfís sin ag an am agus atá gafa leis an bhfís sin ó shin. Gníomhaithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a bhí iontu. Dhírigh an obair dá chuid ag an am sna 1960idí agus sna 1970idí nuair a bhí gluaiseachtaí cearta sibhialta timpeall an domhain, sa Tuaisceart, sna Stáit Aontaithe agus i dtíortha eile, ach anseo in Éirinn bhí an ghluaiseacht seo timpeall cheantair Ghaeltachta ag díriú isteach ar an bhfadhb a bhí ann, is é sin, nach raibh aitheantas ná cearta á thabhairt ag an Stát seo i dtaca leo siúd a raibh cónaí orthu, den chuid is mó, in iarthar na tíre nó i ndeisceart na tíre i gcás na Rinne agus sna ceantair Ghaeltachta beaga atá i gContae na Mí agus an éagóir a raibh an Stát seo tar éis a dhéanamh dóibh sin. Ní raibh an Stát tar éis tacaíocht ná cosaint cheart a thabhairt dóibh ó thaobh na seoda náisiúnta a bhí ina measc.

Ní hamháin gur tháinig Údarás na Gaeltachta as an bhfeachtas chearta sibhialta sin ach tháinig Raidió na Gaeltachta agus ceangal níos láidre idir na ceantair dhifriúla agus aitheantas níos fairsinge ní hamháin sa Ghaeltacht, ach lasmuigh di, ar an tseoid atá againn sa Ghaeltacht agus sa Ghaeilge féin. Is é sin an fáth gur gá dúinn déanamh cinnte de go bhfuil an pobal lárnach sa chur chun cinn maidir le tionsclaíocht agus go bhfuil forbairt agus cosaint na teanga agus forbairt agus cosaint an phobail á chur chun cinn sna ceantair sin. Is é sin an fáth go raibh toghchán daonlathach ann agus go raibh daoine roghnaithe agus tofa.

Éagóir ab ea é fáil réidh leis an toghchán sin. Ní raibh aon chaiteachas mór i gceist ná uallach mór ar an Stát ach bhí daonlathas ann. B'fhéidir go bhféadfadh an mionathrú a dhéanamh leis an gcóras toghchánaíochta nó ar cé chomh minic agus a bhí an toghchán ach níor chóir, a riamh, dul siar agus an daonlathas a chreimeadh mar a rinneadh in 2012.

Is é sin an fáth gur luaigh mé gur bunaíodh an tÚdarás ar an gcéad dul síos agus ba chóir go mbeimis ag déanamh cosanta cirte air. Is cuimhin liom - bhí mé óg go leor nuair a tharla sé - nuair a dúirt an tAire Denis Gallagher, de chuid Fhianna Fáil, agus an chéad Bhille ar Údarás na Gaeltachta sa bhliain 1978 á chur faoi bhráid na Dála aige:

Trí na hionadaithe a thoghfaidh siad féin beidh tionchar nach beag acu ar ghnóthaí an údaráis. Thar rud ar bith eile sílimse gur mór an chéim ar aghaidh é go mbeidh roinnt daoine ar fáil faoi dheireadh a mbeidh dlúthbhaint acu leis na fadhbanna atá le réiteach agus a mbeidh ar a gcumas labhairt go húdarásach thar ceann phobal na Gaeltachta: go dtí seo d'fhéadfadh daoine gan mórán tacaíochta a thabhairt le tuiscint gur thar ceann an phobail a bhíonn siad ag labhairt—rud nach mbeidh chomh héasca céanna dóibh feasta.

Dar leis, ba iad na toghcháin dhaonlathacha seo an rud a chinnteodh nach Gaeltarra Éireann faoi ainm eile a bheadh i gceist a dhéanfadh neamhaird ar thoil agus ar riachtanas an phobail áitiúil ach údarás nua a shásódh cuid, ar a laghad, d'éilimh na gluaiseachta cearta sibhialta. Bhí bunús ó thús leis go mbeadh an ceantar agus an pobal gafa leis na cinntí ar fad a bhí ag teacht rompu. Nuair atá mé ag tabhairt críche air seo, casfaidh mé ar roinnt de na rudaí íorónta a tharla ó shin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.