Dáil debates
Thursday, 24 February 2022
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Scéimeanna Teanga
9:00 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Aithním na tacaíochtaí praiticiúla a luaigh an tAire Stáit agus níl mé ag iarraidh cur as dóibh. Is anuas orthu sin a bheadh scéim labhairt na Gaeilge dá dtógfaí ar ais í. Ghlac an tAire Stáit leis, nuair a rinne sé tuarascáil taighde Thuismitheoirí na Gaeltachta a sheoladh anuraidh, go bhfuil géarchéim thromchúiseach ann i leith teangeolaíochta sa Ghaeltacht. Mar sin tá ar an Stát díriú isteach ar conas is féidir leis teaghlaigh a mhealladh ar ais chuig an Ghaeilge, a mhealladh chun fanacht léi nó fiú siúd nach bhfuil tar éis clainne a thógáil le Gaeilge a mhealladh chun é sin a dhéanamh. Caithfear sin a dhéanamh ach go háirithe sna ceantair atá ar imeall na Gaeltachta agus atá i mbaol ón ngalldú atá ag tarlú timpeall orthu le tamall de bhlianta anois. Tá mé ag impí ar an Aire Stáit níos mó a dhéanamh agus níos mó airgid a chur sa treo sin le féachaint conas gur féidir leis fás agus conas gur féidir linn tacaíochtaí breise a thabhairt do na clainne sin.
No comments