Dáil debates

Thursday, 24 February 2022

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Scéimeanna Teanga

9:00 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, cuireadh deireadh le scéim labhairt na Gaeilge i 2011. Faoin scéim sin chuirtí deontais arbh fhiú €260 in aghaidh na scoilbhliana ar fáil do theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a bhí in ann léiriú don Roinn gurbh í an Ghaeilge príomhtheanga labhartha an teaghlaigh. Tá an clár tacaíochtaí teaghlaigh, atá bunaithe ag mo Roinn ó 2012, dírithe ar thacaíochtaí atá pobalbhunaithe agus ní díreach ar bhonn pearsanta. Tá tacaíochtaí éagsúla ar fáil ó mo Roinn faoin gclár sin. Anuas ar sin, tá réimse tacaíochtaí ar fáil faoin bpróiseas pleanála teanga agus tá cistiú suntasach ar fáil faoin gclár seo. Tá an cistiú seo ardaithe go céimiúil ó cuireadh tús leis. Mar shampla, tagraím arís don chistiú atá ar fáil do Thuismitheoirí na Gaeltachta. Leis an gcistiú sin, arbh fhiú breis agus €1.6 milliún é thar tréimhse trí bliana faoi láthair agus a ceadaíodh anuraidh, tá sé ar a chumas clár leathan tacaíochtaí praiticiúla a chur ar fáil atá dírithe ar thacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.