Dáil debates
Thursday, 24 February 2022
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Scéimeanna Teanga
9:00 am
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá maoiniú suntasach á chur ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, mar shampla, ó mo Roinn agus ó Údarás na Gaeltachta. Cuimsíonn an maoiniú sin dóibh tacú ar bhonn níos leithne le teaghlaigh Ghaeltachta a bhfuil páistí ag aois réamhscoile acu. Tá ciste ar fiú €500,000 curtha ar fáil don eagraíocht ag mo Roinn i mbliana agus tá tuilleadh maoinithe ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta. Tá cistiú suntasach ann chun deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil trí na gréasáin bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Gaeltachta ó cheann ceann na bliana. Tá na cistí faoi leith a chuirtear ar fáil faoi scéim na gcúntóirí teanga, clár na gcluichí Gaeltachta, clár na n-ealaíon teangabhunaithe dár teideal CUISLE, agus beartais eile nach iad san áireamh sa chiste sin. Níl ansin ach cuid den chistiú. Tá tacaíochtaí eile ábhartha nach beag iad á gcur ar fáil ag mo Roinn agus ag Údarás na Gaeltachta faoi scáth an phróisis pleanála teanga a chabhraíonn go díreach nó go hindíreach le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga teaghlaigh sa Ghaeltacht. Is fiú a lua go bhfuil cistiú iomlán ar fiú €17 milliún curtha ar fáil ag mo Roinn faoin gclár tacaíochtaí pobail sa phróiseas pleanála teanga.
No comments