Dáil debates

Wednesday, 6 October 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh

 

5:22 pm

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 3:

I leathanach 7, idir línte 24 agus 25, an méid seo a leanas a chur isteach: “ciallaíonn ‘inniúlacht’ i gcomhthéacs na Gaeilge san Acht seo, agus in aon reachtaíocht eile, líofacht de leibhéal B1 nó níos airde ar an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha;”.

Tá sé dochreidte nach bhfuil seirbhísí Stáit fheiliúnaigh ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht sa bhliain 2021. Is é sin an bealach a bhfuil sé faoi láthair agus tá a fhios againn é sin. Ar ndóigh, tuigeann muintir na Gaeltachta é sin go rímhaith. Lig an Stát Gaeilgeoirí agus muintir na Gaeltachta síos ar feadh na nglúnta cheana ó thaobh an ceart a bhí agus atá acu a dteanga dhúchais a úsáid ina Stát féin. Tá sé thar am an éagóir seo a chur ina cheart agus a chinntiú go mbeidh deis ag an gcéad ghlúin eile de chainteoirí Gaeilge a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge más mian leo.

Dá bhrí sin, caithfidh an Rialtas a chinntiú go bhfuil na seirbhísí seo ar fáil sa Ghaeltacht agus tá sé ar an Aire Stáit a dheimhniú go mbeidh an bunleibhéal seo ann chun na seirbhísí seo a chur i bhfeidhm go huile is go hiomlán i nGaeilge sa Ghaeltacht. Impím ar an Aire Stáit glacadh leis an leasú seo. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil ardchaighdeán Gaeilge ag na hearcaigh sa státseirbhís agus go bhfuil dóthain fostaithe ann chun déileáil leis na daoine atá ag iarraidh seirbhísí Stáit a úsáid trí mheán na Gaeilge.

Faoinár leasú, bheadh iallach ar an státseirbhís cloí le leibhéal B1 sa Ghaeilge chun go mbeadh sé ag 20% d’earcaigh nua, ar a laghad. Is rud fíorthábhachtach é seo. Ní hamháin go gcuireadh sé sin le seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí ach chruthódh sé deiseanna fostaíochta dóibh agus spreagfadh sé ardchaighdeán Gaeilge i measc an phobail freisin. Má bhreathnaímid air go ginearálta agus má bhreathnaímid ar dhaoine atá agus a mbíonn ag caitheamh lá i ndiaidh lae trí mheán na Gaeilge - cuireann Raidió na Gaeltachta agus TG4 an nuacht agus go leor eile ar fáil trí mheán na Gaeilge - tá sé dochreidte nach bhfuil an bunleibhéal B1 seo riachtanach ionas go mbeadh ardchaighdeán ann.

Nílimid ach ag caint ar 20% de na hearcaigh nua ach dhéanfadh sé difríocht ollmhór. Léireodh sé do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus dóibh siúd atá ag tógáil a gcuid páistí trí mheán na Gaeilge, rud a bhfuilimid ar fad ag iarraidh go dtarlódh sé, go bhfuil an Stát, an Rialtas agus an tAire Stáit dáiríre faoin leibhéal Gaeilge atá ag teastáil ón státseirbhís agus go mbeadh seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge do na daoine sin.

Is é an rud is tábhachtaí agus an bealach is fearr le cinntiú go leanfaidh daoine orthu ag labhairt Gaeilge lena gcuid páistí agus comhghleacaithe ná go gcaithfidh an Stát a léiriú go bhfuil sé sásta an teanga a úsáid; go gcreideann sé go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh an Ghaeilge ann; agus go bhfuil sé ina cheart bunúsach dúinn ar fad a bhfuil Gaeilge againn, agus muintir na Gaeltachta ach go háirithe, an Ghaeilge a úsáid pé uair atáimid ag déileáil leis an Stát. Is leasú fíorshimplí ach fíorthábhachtach é seo, atá curtha chun cinn agam agus ag mo chomhghleacaithe agus tá mé ag impí ar an Aire Stáit glacadh leis seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.