Dáil debates

Thursday, 8 October 2020

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

2:45 pm

Photo of Bríd SmithBríd Smith (Dublin South Central, People Before Profit Alliance) | Oireachtas source

Ar dtús, déarfaidh mé cúpla focal as Béarla. As I have the opportunity, I wish to raise an issue unrelated to this Bill with the Minister and the Minister of State. I refer to the lack of a Gaelscoil in the postal districts of Dublin 10 and 12. I acknowledge that this is a matter for the Department of Education and Skills but support from the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht would help progress the achievement of some educational facilities in these very big postal districts which include areas like Ballyfermot, Cherry Orchard, Walkinstown, Drimnagh, Crumlin. Tá siad gan aon Ghaelscoil – not a meánscoil or a bunscoil in any of those areas. We managed to get a naíonra in Ballyfermot with the help of our local councillor Hazel De Nortúin over the last few years but there is a need for a Gaelscoil in these big working class areas, and there is a very deep desire among parents and young people to learn and become prolific in their own language. There is a grá for it and an absolute need for it. We will be leaning on the Minister for her support in campaigning for a Gaelscoil in both Dublin 10 and Dublin 12.

Maidir leis an mBille, mar a dúirt Teachtaí Dála eile, molaim go leagtar amach spriocdháta cinnte le go mbeadh 20% de dhaoine nua a thagann isteach sa Státchóras in ann a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Má mholann an Rialtas an bhliain 2030 mar spriocdháta, ba chóir go mbeadh spriocanna gearrthéarmach socraithe freisin agus go ndéantar athbhreithniú gach dara bliain chun cinntiú go bhfuil na spriocanna á baint amach. Is gá go dtéann grúpa neamhspleách i mbun na hathbhreithnithe seo. Cuirim fáilte roimh an gcoiste comhairleach atá molta chun faire ar earcaíocht don Státchóras. Tá locht mór ag baint leis an leagan amach atá molta ag an Rialtas, áfach. Níl aon ról luaite ann d’ionadaithe ó phobal na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus ní bheidh guth acu ar an gcoiste seo. Tá sé sin mícheart agus níl an deá-chleachtas céanna i gceist anseo a bhaineann le réimsí eile sa saol. Mar shampla, ní bheadh an Teach seo sásta fóram a bhunú do dhaoine faoi mhíchumas gan ionadaí a bheith ann ón earnáil sin. Molaim ionadaí a bheith ar an gcoiste seo ó ghrúpa stocaireachta Gaeilge. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh gach seirbhís a chuireann an Stát ar fáil do phobal na Gaeltachta ar fáil trí Ghaeilge. Is gá spriocdháta cinnte a luaigh dó sin mar chuid den Bhille seo freisin. Ba chóir go mbeadh na seirbhísí Stáit curtha ar fáil sa Ghaeltacht féin agus mura bhfuil fós, ba chóir go mbeadh na seirbhísí féin curtha ar fáil trí Ghaeilge.

Mura dtarlaíonn sé seo, ciallaíonn sé go bhfuil Dáil Éireann ag rá le pobal na Gaeltachta nach bhfuil tábhacht leis an teanga.

Molaim go mbeadh sa Bhille breis cumhachtaí tugtha don Choimisinéir Teanga ionas go mbeadh sé nó sí in ann réamh-scrúdú a dhéanamh ar aon reachtaíocht nua chun a chinntiú nach ndéanann sé dochar don Ghaeilge nó don Ghaeltacht. Bheidh an méid seo ag teacht leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta.

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt do gach éinne a dhein obair chrua ar an mBille tábhachtach seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.