Dáil debates

Thursday, 8 October 2020

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

2:55 pm

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an mBille agus déanaim comhghairdeas leis na hAirí agus a gcuid oifigigh as an obair atá déanta acu le cúpla mí anuas. Bhíomar ag caint air seo sna cainteanna a bhí ann chun Rialtas a chur le chéile i lár na Bealtaine. Déanaim comhghairdeas leis an gCathaoirleach freisin agus leis an Leas-Cheann Comhairle as an obair a bhí déanta ag coiste na Gaeilge, mo chomhghleacaí an Teachta Eamon Ó Cuív san áireamh, chun rudaí níos láidre a chur sa Bhille. Tá a fhios agam nach raibh turas éasca acu go dtí seo, ach táimid anseo anois agus tá Bille láidir againn. Tar éis an phróisis seo, b’fhéidir go mbeidh muid in ann é a dhéanamh níos láidre.

Cath amú a mbeadh ann muna ndéantar aon difríocht do mhuintir na Gaeltachta agus do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu ó thaobh seirbhísí de. Tá deiseanna sa Bhille chun an Ghaeilge a dhéanamh níos láidre agus chun bunús níos láidre a bheith ann don Ghaeilge i ngach chuid den tír. Am amú a mbeidh san obair atá déanta go dtí seo thar na mblianta muna ndéantar iarracht i bhfad níos mó sa Teach seo.

Agus lá na cáinaisnéise ag teacht, ní bheidh mórán Gaeilge á úsáid agus Airí ag tabhairt a gcuid óráidí. Ba cheart, ar a leithéid de lá, agus nuair a mbíonn taoisigh ag tabhairt óráid don Stáit, go mbeadh an Ghaeilge in úsáid i bhfad níos mó ná mar a dtarlaíonn anois. Léireoidh sé do mhuintir na Gaeltachta agus do dhaoine a bhaineann úsáid as an nGaeilge, go bhfuil tábhacht ag baint leis an teanga. Molaim an teanga a úsáid.

Cuirim fáilte roimh an 20% ach tá sé tábhachtach iarracht a dhéanamh chomh luath agus is féidir agus go mbeidh na seirbhísí ann, ní hamháin sa Ghaeltacht – tuigeann gach duine an méid sin – ach sna ceantair ina bhfuil daoine ag baint úsáid as an nGaeilge. Bhí mé ag éisteacht leis an Teachta Ó Cathasaigh. Tá mé ag caint faoi cheantair cosúil le Cluain Dolcáin, áit ina bhfuil an Comhairleoir Peter Kavanagh as déanamh sár-iarracht, agus ceantair cosúil leis sin sna cathracha, ceantar an Chathaoirligh ina measc. Ní Gaeltacht iad, ach tá a lán daoine le Gaeilge ach seans í a úsáid.

Agus muid ag déanamh roll-out ar an mBille seo, ba cheart dúinn brú a chur ar sheirbhísí cosúil leis An Post, An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus An Roinn Oideachas agus Scileanna ionas go mbeidh daoine i ngach ceantar sa tír, ní hamháin sa Ghaeltacht, ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid. Ba cheart go mbeidh cuidiú ar fáil do dhaoine, go mbeidh notices i ngach oifig sa tír á rá go bhfuil Gaeilge á úsáid chun a rá le daoine go bhfuilimid ag déanamh an méid seo le chéile. Tá sé tábhacht a léiriú ní hamháin go bhfuil Bille ann, ach go bhfuil suim ann freisin.

Maidir le pleananna Gaeilge, tá sé soiléir go gcaithimid suigh síos leis na pleanálaí i ngach chuid den tír atá ag déileáil leis an pleananna. B’fhéidir go mbeidh sé úsáideach chun a fháil amach cad atá ag obair agus cad nach bhfuil ag obair sna pleananna. Tá na pleananna an-tábhachtach, agus bunúsach chun an teanga a shábháil. Ach tuigim agus tugaim faoi dheara nach bhfuil buy-in sa phobail in a lán ceantar. I gceantar amháin, sean-Ghaeltacht, bhí plean á ullmhú ach bhí tuismitheoirí sa mheán scoil ag rá nach raibh suim ag na tuismitheoirí an Ghaeilge a úsáid. Gaeltacht oifigiúil a bhí ann, mar dhea, ach bhí siad ag tabhairt teachtaireacht don phróiseas pleanála.

Beidh sé úsáideach a fháil amach cad atá ag obair sa phróiseas. An bhfuilimid ag baint úsáid as na méain shóisialta chun cuidiú leis an bpróiseas agus chun a rá le daoine nach bhfuil aon rud chun a bheith buartha faoi maidir leis an nGaeilge a úsáid agus a spreagadh i ngach ceantar. Tá sé tábhacht go mbeadh acmhainní breise ar fáil don phróiseas sin.

Beidh an cáinaisnéis ar an Máirt agus bhí feachtas difriúil ann ó thaobh a bheith ar líne, ach tá an teachtaireacht cheánna ann, go gcaithfimid airgead sa bhreis a thabhairt do na cumainn Ghaeilge atá ag obair ar son na Gaeilge ionas go mbeidh siad in ann an obair sin a dhéanamh. Mar an gcéanna leis na comharchumainn sna Gaeltachtaí agus iad siúd atá ar na hoileáin, atá ag déanamh sár-iarracht chun seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, seirbhísí atá luaite sa Bhille.

Tá fadhb tuisceanna nó fadhb de shaghas éigean maidir le cúrsaí pleanála. Bhí mé ag plé seo leis an tAire Stáit, an Teachta Jack Chambers. Tá sé soiléir i Rath Cairn agus i Daingean Uí Chúise go bhfuil fadhb ann. Tar éis na cáinaisnéise, caithfimid suigh síos leis an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil chun é sin a phlé.

Tá TG4, TnaG agus Raidió na Life ag déanamh an-jab. Caithfimid a bheith bródúil as an méid atá ag tarlú ag TG4 agus an caighdeán atá ar fáil ann. Caithfimid cuidiú le TG4 as an obair tábhacht atá á dhéanamh ann.

Gabhaim buíochas agus comhghairdeas leis na hAirí. Mar a dúirt an Teachta Ó Cathasaigh, tús maith leath na hoibre. Táimid anseo chun cuidiú leo. Tá sé tábhachtach a bheith ag obair le chéile. Tá obair mór le déanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.