Dáil debates

Thursday, 8 October 2020

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

2:45 pm

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Níl agam ach tréimhse ghairid. Táimid ag déileáil leis an mBille seo 17 bliain ar aghaidh ón Acht agus an scéim a bhí ann ó thaobh na scéimeanna teanga. Bhí sé i gceist go mbeadh a scéim féin ag gach eagraíocht pobal. Go minic, cuireadh scéim amháin ar fáil, d’éag sé, bhí sé imithe agus ansin níor tháinig aon rud ina dhiaidh. Cé go raibh an fealsúnacht dhearfach agus bheadh solúbthacht ann do na heagrais faoi leith, is léir nár oibrigh sé in ainneoin go raibh an dearcadh agus na haidhmeanna ceart ann. Tá an cur chuige anseo an-difriúil. Táimid ag caint faoi chur chuige mórthimpeall an Státseirbhís agus na heagraíochtaí pobal go léir. Cé go bhfuil gnéithe dearfacha sa Bhille, tá sé tábhachtach agus is fadhb é, mar atá sé ráite ag daoine cheana féin, nach bhfuil dátaí againn do na spriocanna seo. Caithfear nach bhfuil siad mar aspiration, gur féidir iad a bhaint amach agus go mbeidh cur chuige agus tiomáint ann i dtreo iad a bhaint amach. Ba chóir go mbeadh spriocdhátaí ann ó thaobh na seirbhísí Stáit a chur ar fáil trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Tá sé sin an-tábhachtach.

Níl samplaí againn de na dréacht-chaighdeáin a bheidh ag teastáil do chóras na scéimeanna teanga agus tá sé sin tábhachtach freisin. I gcoitinne, nuair a labhraímid faoin nGaeilge deir daoine go bhfuil ábhar imní agus ábhar dóchais ann. Níl sé chomh simplí le rá go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis ach níl sí ag borradh ach an oiread. Tá an Ghaeilge inár gcathracha agus tá an-ábhar dóchais ansin. Feicimid na deiseanna atá á cruthú tríd eagraíochtaí ar nós na Gaeil Óga agus Laochra Loch Lao, na Pop-up Gaeltachtaí agus mar sin de. Caithfidh an Roinn tacú leo sin agus tá ról ag an mBille seo tacú leis na deiseanna cainte do dhaoine a thagann amach as na Gaelscoileanna nach cainteoirí dúchais iad. Caithfear na deiseanna sin a thabhairt dóibh agus tá sé sin tábhachtach mar i go leor slite ní bhíonn na deiseanna acu cé go mbíonn an fonn orthu an teanga a labhairt. Tá an fonn acu ach ní bhíonn an deis acu ina ngnáth saoil.

Is léir go bhfuil an-fhadhb againn sa Ghaeltacht agus ní rud beag é sin ar chor ar bith. Is í an Ghaeltacht an áit atá ina bhfuil an Ghaeilge mar an teanga labhartha. Tá saibhreas na teanga ansin agus is saghas tobar í don teanga ar fud an Stáit. Tá sé tábhachtach go dtuigimid díreach conas tacú leis na pobail sin agus déanadh cinnte go bhfuil Gaeilge ag na daoine atá ag lonnú ann nó go bhfuil siad chun í a fhoghlaim agus a labhairt agus gur féidir leo seirbhísí Stáit a bhaint amach.

Teastaíonn spriocdhátaí agus níos mó sonraí ó thaobh conas go gcuirtear forálacha na reachtaíochta i bhfeidhm. Tá sé sin tábhachtach chun feabhas a chur ar an mBille seo. Cé go raibh aidhm mhaith ag an mBille 2003, is léir nár oibrigh sé mar a bhí á súil leis. Tá súil agam go n-éiríonn níos fearr leis an mBille seo ach caithfidh sé a bheith níos láidre agus níos daingne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.