Dáil debates

Thursday, 8 October 2020

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

2:45 pm

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party) | Oireachtas source

Uaireanta, is iad na rudaí beaga a chuireann isteach ort mar Ghael - nuair a fhiafraíonn daoine “What is that name in English?”, mar shampla. B’fhéidir gur ceist saonta, gan dochar í, ach tar éis tamaill, cuireann sí isteach ort. Is sampla eile é an síneadh fada. Níl an Ghaeilge neamhchoitianta i dteangacha sa tslí ina bhfuil diacritics aici - tá an umlaut ag na Gearmánaigh, an cédille sa Fhraincis, ach fáth éigin, tá an síneadh fada deacair dúinn anseo in Éirinn. Go dtí le déanaí, ní raibh Iarnród Éireann in ann é a úsáid ar shuíocháin réamháirithe, ach tá an cás sin réitithe anois. Uaireanta, is iad na rudaí níos mó a chuireann isteach ort, mar nuair a bhíonn duine ag iarraidh maireachtáil trí mheán na Gaeilge, agus níl sé nó sí in ann seirbhísí, fiú seirbhísí an Stáit, a fháil trí Ghaeilge, chéad teanga oifigiúil an Stáit de réir an Bhunreachta. Téann sé sin go mór i bhfeidhm ar phobal na Gaeilge.

Is iarracht é an Bille seo chun cuid de na fadhbanna sin, beag nó mór, a réiteach agus Acht na dTeangacha Oifigiúla a neartú. Cuirim fáilte roimh na leasuithe atá idir lámha againn anseo. Ceann de na gnéithe is tábhachtaí anseo ná go bhfuil níos mó fiacla ag an mBille seo ná mar a bhí cheana. Cáineadh an Bille a tháinig os comhair na Dála anuraidh de bharr nach raibh spriocdhátaí ag a lán de na cuspóirí a bhí luaite ann. Is maith an rud é go luaitear 2030 mar spriocdháta do 20% d'earcaíocht na Státseirbhíse a bheith do phoist Gaeilge. Tá imní orm go fóill toisc go bhfuil saghas get out clause fágtha sa téacs a thugann cumhacht athbhreithnithe don Aire sa bhliain 2028, ach is tús maith é seo agus tá súil agam go mbeidh uaillmhian ag an Roinn an sprioc seo a bhaint amach. Cuirim fáilte freisin roimh an leasú a thugann níos mó cumhachta don Choimisinéir Teanga iniúchadh a dhéanamh ar a thoil féin.

Is deá an rud é go gcuirfear seirbhísí Stáit ar fáil sa Ghaeltacht i nGaeilge, gan cheist agus gan choinne. Ba chóir an coiste comhairliúcháin a chuir le chéile chomh luath agus is féidir chun plean a reáchtáil maidir le conas a bhainfear é sin amach trí sheirbhísí Gaeilge a fheabhsú agus a mhéadú. Ba bhreá liom freisin go ndéanfar infheistíocht sna bailte seirbhísí Gaeilge, mar Dhún Garbhán, a fhreastalaíonn ar Ghaeltacht na nDéise i bPort Láirge. Tá iarratas amháin agam maidir le déantús an chomhchoiste. Iarraim ar an Aire cinntiú go mbeidh ionadaíocht ag pobal na Gaeilge ar an gcoiste sin.

Tá gach baol ann agus muid ag caint faoin nGaeilge go dtitfimid isteach sa ghaiste díospóireachta sin ina dtriailimid í a thuiscint trí phriosma ár gcóras eacnamaíochta. Aithníonn an córas sin praghas, b’fhéidir, agus brabús cinnte, ach an aithníonn sé luach rud? Tá sé sinn neamhchinnte. Tá a fhios againn mar Ghlasaigh go bhfuil difríocht idir praghas agus luach. Tá fiúntas faoi leith ag baint, mar shampla, leis an mbithéagsúlacht thar aon mheasúnú eacnamaíochta. Tá sé sin mar an gcéanna le teangacha, agus an Ghaeilge ina measc. Is lionsa í gach teanga, cruthaithe ag cultúr daoine na háite sin, a bhíonn mór-thionchar aici ar ár radharc ar an domhan atá mórthimpeall orainn. Is linne an Ghaolainn agus is í ár bhfuinneog ar an saol.

Labhair mé le déanaí anseo sa Dáil faoin moladh a rinne an tUachtarán Micheál D. Ó hUigín agus é ag tabhairt óráid don Tom Johnson Summer School leath scór bliain ó shin. An chomhairle a bhí aige ná go gcaithfimid fís útóipeach a chur romhainn mar sprioc agus oibriú ansin ar a son. Chomh maith le haon tuiscint eacnamaíochta a bhaineann leis an moladh sin, déarfainn féin mar Ghlasaigh go gcaithfidh aon mhachnamh ar an ábhar seo sláinte na timpeallachta a thabhairt isteach. Déarfainn freisin mar Ghael go bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach d’aon fhís útóipeach a bheadh agam don tír seo. Más sin an sprioc atá os ár gcomhair amach, ní mór dúinn oibriú go tréan chun an sprioc sin a bhaint amach.

Is iad an grúpa is tábhachtaí do thodhchaí na Gaeilge na daoine a bhfuil stair na teanga iontu freisin, sin iad, muintir na Gaeltachta. Tá brú uafásach ar ár gceantair Ghaeltachta faoi láthair ó thaobh fostaíochta, tithíochta agus cinnte ó thaobh na teanga í féin. Aithnítear go bhfuil géarchéim teanga sna ceantair Ghaeltachta. Tá obair den scoth á dhéanamh ag Foras na Gaeilge agus ag Údarás na Gaeltachta go háirithe chun infheistíocht agus fhostaíocht a mhealladh go dtí na dúichí, ach tá i bhfad níos mó tacaíochta ag teastáil ón Rialtas. Lárnach san obair sin ná na coinníollacha teanga cearta a chur i bhfeidhm sna ceantair Ghaeltachta le bheith cinnte, agus tithíocht á fhorbairt againn, go bhfuilimid ag freastal ar na riachtanais sa phobal, ach gan an Ghaeilge a scriosadh nó a chaolú mar theanga i mbéal na ndaoine ann.

Is iad an dara grúpa is tábhachtaí ná dream na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, daoine a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu agus gur mhaith leo maireachtáil trí mheán na Gaeilge, ní amháin sa Ghaeltacht ach ar fud na tíre. Tá sárobair déanta ag ár n-urlabhraí Gaeilge Peter Kavanagh agus a chairde leis an bhfeachtas Pop-up Gaeltacht, ach caithfear seirbhísí an Stáit a chur ar fáil go forleathan as Gaeilge chun freastal ar an bpobal sin. Má táimid ag iarraidh líon na ndaoine atá ag úsáid an Ghaeilge mar a ngnáth teanga laethúil a mhéadú, is as an gcohórt seo a thiocfaidh siad.

Deirtear gur tús maith leath na hoibre. Bhuel, caithfidh mé an obair atá sa Bhille seo a mholadh, agus an tAire, an tAire Stáit agus an Roinn, a mholadh as ucht an obair atá déanta anseo. Níl ann ach tús ar an méid atá le déanamh chun an ghéarchéim teanga a leigheas, ach tugann sé leid agus misneach do lucht na Gaeilge go bhfuil fís agus uaillmhian ag an Roinn dul chun cinn fiúntach a dhéanamh sa tréimhse Rialtais atá romhainn. Ní ach tús é, ach tús maith. Molaim an Bille seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.