Dáil debates

Thursday, 8 October 2020

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

1:55 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach agus leis an Aire as Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a chur faoinár mbráid. Cuirim fáilte roimh an mBille agus roimh na leasuithe. Tá súil agam nach bhfuil mé róthapa nuair a deirim go gcuirfidh mé fáilte roimh na leasuithe eile a bheidh ag teacht ar Chéim an Choiste, chun a dhéanamh cinnte de nuair a bheimid críochnaithe leis an mBille seo go mbeidh an tAcht seo ar an Acht is foirfe is féidir linn a dhéanamh ag an am seo. Ar a lán bealaí is lá cinniúnach don Ghaeilge atá ann. Tá dhá shlí chun tabhairt faoi chearta a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is é seo slí amháin chun déileáil le fadhbanna ó thaobh an mhaorlathais de. Tá súil agam nach bhfuilimid ag cothú nó ag cur leis an bureaucracy a bhíonn timpeall ar rudaí mar seo agus an fad a bhí ann le cearta a bhronnadh nó a thabhairt do lucht na Gaeilge, mar tá siad acu cheana féin, ach ní raibh siad in ann na cearta sin a fhail dóibh féin.

Ba chóir, ar shlí amháin, Operation Fanacht a thabhairt ar an mBille seo mar táimid tar éis a bheith ag fanacht le tamall fada de bhlianta air seo. Measaim gurbh é an t-iarAire agus t-iarTheachta Dinny McGinley in 2011 a lorg go mbeadh leasú iomlán déanta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a tháinig isteach in 2004. Is cuimhin liomsa gurbh é ceann de na chéad rudaí a bhí orm tabhairt faoi mar Theachta nua in 2002 ná an Bille sin agus cé chomh casta is a bhí sé ag an am sin.

Bhí córas nua á mholadh san Acht a bhí ann ag an am sin agus bhí the devil and all chun tarlú de thairbhe an Achta sin. Táimid fós ag an staid ina rabhamar ar mhórán bealaí nó imithe siar ó staid a bhíomar chomh fada siar le 2002. Is trua sin mar níor tharla an t-athrú poirt a bhíomar ag súil leis ag an am. Bhí muinín curtha againn sa státchóras, muinín nach raibh tuillte aige ag an am agus nach bhfuil tuillte fós ina iomlán. Tá súil agam go bhfuilim mícheart agus go bhfuil athrú poirt tagtha orthu siúd atá i gceannas na Ranna Stáit ar fad atá tar éis loiceadh ar an nGaeilge agus ar chearta Gaeilgeoirí sa tír seo. Tá deireadh le ré an fhrustrachais atá orainn agus orthu siúd a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht, frustrachas atá an-soiléir agus ní liomsa amháin an tuairim sin má léann duine an tuarascáil chuile bhliain ón gCoimisinéir Teanga. Is léir go bhfuil fadhbanna bunúsacha ann nach féidir leis an mBille seo tabhairt fúthu.

I ndeireadh thiar thall níl ann ach Bille. Mura dtarlaíonn athrú meoin ag na céimeanna is airde agus ag gach uile chéim den státchóras, beimid ar ais anseo i gceann 20 bliain agus beidh an fhadhb ó thaobh na teanga de níos measa má táimid ag brath go huile is go hiomlán ar an státchóras. Is é sin an fáth go bhfuil moladh agus ár mbuíochas á ngabháil do na heagrais phobail tríd síos na tíre atá ag cuidiú linn an Ghaeilge a tharrtháil agus an Ghaeltacht a chosaint. Seachas iadsan bheimis i sáinn agus bheadh géarchéim i bhfad níos measa againn.

Táim sásta go bhfuilim anseo agus ag déanamh plé ar cheisteanna Gaeilge agus go bhfuilimid ag díriú isteach ar roinnt de na fadhbanna a bhí aitheanta thar na mblianta. Táim sásta freisin, cosúil lena lán daoine, muinín nó ar a laghad tacú leis an athrú atá ag tarlú agus go bhfuilimid ag bogadh ó na scéimeanna teanga agus go bhfuil coiste comhairliúcháin á bhunú agus breis cumhachtaí le bheith bronnta ar an gCoimisinéir Teanga. Tacaím leis sin. Ní féidir gan tacú leis sin ach tá súil agam nach mbeimid ag cur moill ar an infheistiú ceart ó thaobh foirne de agus ar an tacaíocht leo siúd atá laistigh den státchóras a bhfuil Gaeilge acu agus a bhí i gcónaí sásta an Ghaeilge a chur chun cinn.

Tabharfaidh mé sampla go gasta don Teach ar fhadhbanna, ceann amháin le déanaí, nár chóir go dtarlódh sé, agus níl mé ag caitheamh anuas ar an duine a dhein an fhadhb. Chuir mé ceisteanna isteach ag an Aire, an Teachta Eamon Ryan, ag an am agus tháinig na freagraí ar ais i mBéarla agus níor chóir go dtarlódh sé sin. Bhí mé sásta glacadh leis sin agus ghabh an duine a bhí i gceannas leithscéal. Bhí gearán curtha isteach ag an gCeann Comhairle agus fuair mé freagra ar ais ar an ngearán sin ón Roinn i mBéarla. Ní thuigeann an Roinn. Is é ceann de na fadhbanna bunúsacha ná nach dtuigeann daoine go díreach conas mar a ritheann sin liomsa nó leis an ngnáthphobal.

Táimse anseo ó 2002. Measaim go raibh dhá phíosa reachtaíochta a foilsíodh i nGaeilge a raibh mé in ann seasamh suas, labhairt as Gaeilge agus go raibh nóta nó meamram míniúcháin i nGaeilge leis an bhfoclaíocht. Ní bhíonn sé ann de ghnáth. Tá sé sa Bhille seo mar go bhfuil an Bille seo foilsithe go dátheangach agus cruthaíonn sé sin gur féidir é a dhéanamh. Go minic níl an státchóras atá istigh anseo sásta dul sa treo sin. I dtíortha eile foilsítear agus déileáiltear leis an reachtaíocht go dátheangach. Ní tharlaíonn sé sin anseo. Aistrítear iad anseo nuair a bhíonn siad críochnaithe. Tá an job done, hard luck. Táimid críochnaithe leis.

Chomh maith leis sin tugadh gealladh domsa, measaim ón iarAire, an t-iarTheachta Joan Burton, ag an am in 2011, go mbeadh na meamraim míniúcháin aistrithe agus ar fáil do gach duine, ní domsa amháin, mar tá Gaeilge líofa agam, ach tá daoine eile agus tá sé beagáinín níos deacra orthu na pointí atá á ndéanamh acu ar ábhair theicniúla a chur in iúl i nGaeilge mar níl an líofacht chéanna, an fhoclaíocht nó an stór focal acu. Bheadh sé i bhfad Éireann níos éasca dá mbeadh na meamraim míniúcháin curtha amach. Ní gá é a aistriú nó fiú a bheith foilsithe ar an lá ceannann céanna. Is é an t-aon rud is féidir a tharlú agus bheadh sé áisiúil nuair a bheadh dlús curtha timpeall deich focal nó mar sin ann agus go mbeadh sé sin úsáideach. Is rudaí simplí iad seo a chuideodh leis an mBille seo a thabharfadh deis dúinn déileáil le reachtaíocht as Gaeilge.

Tá samplaí eile ann, agus mar a dúirt mé níl mé ag caitheamh anuas ar dhaoine. Níl anseo ach samplai. Tabharfaidh mé na ceannlínte don Teach agus roghnóidh mé roinnt díobh anseo: "Ardú 27% ar líon na ndíolúintí ón Gaeilge a bronnadh ar dhaltaí sa séú bliain", "Riachtanas Gaeilge ‘conspóideach agus ina údar aighnis’ a deir NUI", "Teip na Roinne Oideachais maidir le Gaeilge ar shuíomh Ardteiste á scrúdú – i mBéarla amháin gur féidir le daltaí Ardteiste clárú dá scrúduithe ar shuíomh na Roinne Oideachais." Níor tháinig leagan Gaeilge den suíomh sin ach tamaillín ina dhiaidh sin, is é sin an suíomh Ranna. Tá roinnt de shuíomhanna tubaisteach fós ó thaobh na Gaeilge de. Níor tháinig leagan Gaeilge den aip Covid-19 ach i ndiaidh an leagain Béarla. Tá rudaí mar sin ag tarlú. Níl an tús áite ag an nGaeilge. Mura bhfuil an leagan Gaeilge ar fáil níor cheart an leagan Béarla a fhoilsiú go dtí go bhfuil an leagan Gaeilge ar fáil. Níor chóir go mbeadh aon suíomh Stáit ag dul beo, mar a deir siad, sa lá atá inniu ann go dtí go mbeidh an leagan Gaeilge ann ag an am céanna. Is rudaí simplí iad sin.

Tá sé i gceist ag an mBille seo go mbeadh an Stát ag tabhairt seirbhísí as Gaeilge do lucht na Gaeltachta. Treisím leis sin. Tá sé sin á lorg againn sin le blianta. Is í an fhadhb atá ann ná nach bhfuil an oiread sin oifigeach Stáit ann anois mar tá mórán acu ar líne anois. Má tá duine ag tabhairt seirbhísí Gaeilge do lucht na Gaeltachta, beidh ar na daoine a mbíonn ag lorg an seirbhísí sin a bheith ar líne freisin. Má tá siad ar líne beidh siad ag gach duine. Níor chóir go mbeimid ag díriú isteach go díreach ar shuíomhanna fisiciúla sa Ghaeltacht ina bhfuil duine ina sheasamh ag deasc agus ag tabhairt seirbhíse. Nuair a líonann duine foirm anois is ar líne den chuid is mó atá neart daoine á dhéanamh sin. Má ghlaonn duine ar an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí gheofar duine ar an bhfón agus d'fhéadfadh an duine sin a bheith in Timbuktu agus beidh an tseirbhís ar fáil dó nó di agus an duine in ann cnaipe a bhrú. Tá sé i bhfad Éireann níos éasca dúinn mar Stát é sin a dhéanamh ná mar a bhí sé 20 nó 30 bliain ó shin nuair a bhí ar an duine a bheith ann go fisiciúil. Níor chóir go mbeadh sé deacair ar an Stát athrú a dhéanamh.

É sin ráite, tá fadhb bhunúsach aitheanta faoi láthair leis an gcóras ceapacháin, mar shampla, agus is é sin an fáth go bhfuilimid ag caint faoi earcú 20% de na daoine nua a bheidh sa Státseirbhís faoi 2030 a bheith líofa sa Ghaeilge. Faoi láthair déantar painéal a chumadh d’oifigigh feidhmiúcháin Gaeilge. Rinneadh ceann le déanaí agus leanfaidh sé go ceann 18 mí. Tá sé sin go maith ach luíonn sé le réasún go roghnófar duine ón bpainéal do gach cúigear folúntas atá ann agus is é an pointe sin atá i gceist againn. Níl sé chomh simplí sin mar go bhfuil sé ar bhonn iarratais ó Roinn éigin a roghnaítear duine ón bpainéal sin. Má tá dhá fholúntas ag Roinn, ní bheidh an chuid is mó de na Ranna ag lorg duine le Gaeilge, níl siad ach ag lorg duine agus tá an chuid díobh ar phainéal eile. Tá fadhbanna bunúsacha ann agus beidh ar an gcoiste comhairliúcháin, ar an Aire agus ar an tSeirbhís un Cheapacháin Phoiblí déileáil leis na rudaí sin. Tuigim go bhfuil am ag teastáil chun an córas a athrú go hinmheánach agus gur fadhbanna bunúsacha iad.

Ó thaobh an spriocdháta de, cad a tharlaíonn tar éis 2030?

Ceapann daoine go mbeidh 20% den Státseirbhís in ann Gaeilge a labhairt nó go mbeidh siad líofa sa Ghaeilge faoi 2030. Ní hé sin atá ann. Níl ann ach go mbeidh 20% dóibh siúd a bheidh earcaithe as sin amach in ann Gaeilge a labhairt. I gceann 30 nó 40 bliain, beidh 20% den Státseirbhís in ann Gaeilge líofa a labhairt. Sin atá ann mar go minic bíonn daoine ann fad saoil.

Cad faoi 2035, 2040 nó 2050? Nach féidir linn sprioc eile a leagan amach go mbeidh 30% nó 40% ann agus sa deireadh go mbeidh 50% dóibh siúd atá sa Státseirbhís líofa sa Ghaeilge, seachas a bheith ag caint fúthu siúd a bheidh earcaithe? Sin athrú eile agus tá súil agam go mbeidh muid ag plé sin ó thaobh na leasuithe ar Chéim an Choiste.

Tagraím don choiste comhairleach. Tá sé seo spéisiúil agus níl a fhios agam cén fáth go bhfuil sé curtha sa slí atá sé. Tá a lán leasuithe le dul air sin. Níl ach duine amháin ón nGaeltacht ann agus níl na heagrais Gaeilge nó fiú na heagrais Stáit Gaeilge luaite le bheith ar an gcoiste gcomhairleach sin. Ba chóir dúinn roinnt acu a lua go sonrach agus b'fhéidir cathaoirleach neamhspleách ón Státchóras a cheapadh ar nós an Coimisinéir Teanga nó duine cosúil leis an bpríomhfheidhmeannach i bhFhoras na Gaeilge. Níl mé ag roghnú duine amháin nó duine eile ach tá mé ag rá go mba fiú dúinn féachaint ar conas gur féidir linn déanamh cinnte de go bhfuil téagar sa choiste comhairleach sin.

Tá rudaí eile ann nach bhfuil muid ag tabhairt fúthu i gceart sa Bhille seo, ceisteanna pleanála san áireamh. B'fhéidir nach é seo an áit cheart na ceisteanna seo a phlé ach má táimid ag déileáil leis seo, caithfear dualgais sa bhreis a bheith ar an Státchóras i gcoitinne maidir le déanamh cinnte de go mbeidh na caighdeáin phleanála teanga i gceart ansin.

Mar a dúirt mé, tacaím leis seo agus déanfaidh mé iarracht ar Chéim an Choiste leasuithe a chur síos a dhéanfaidh an Bille seo níos láidre. Ní haon caitheamh anuas ar dhaoine é sin. Seo atá ann ach táimid ag iarraidh go mbeidh sé i bhfad Éireann níos fearr agus go mbeidh muid in ann brath air chun cuidiú leis an obair chun an Ghaeilge a tharrtháil agus chun cur leis an nGaeltacht, seachas í a bheith ag meath an t-am ar fad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.