Dáil debates

Thursday, 8 October 2020

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

2:15 pm

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Aire agus leis an Aire Stáit as ucht a bpoist nua. Is maith an rud é go bhfuil muid anseo inniu chun Bille nua ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a phlé. Tá 17 bliana caite ó tugadh an tAcht féin isteach agus gealladh an Bille leasaithe seo sé bliana ó shin, nach mór. Ar a laghad, tá sé de sheans againn anois an Bille a scrúdú mar is cuí.

Ba léir nach raibh an Bille teanga a cuireadh os comhair Teachtaí i ndeireadh na bliana seo caite feiliúnach. Ar chuid de na laigí a tugadh aird orthu ag an am, bhí easpa spriocdháta don chuspóir go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag 20% d'oibrithe nua sa tseirbhís phoiblí; ní raibh spriocdháta ar bith maidir le seirbhísí poiblí i nGaeilge a chinntiú do mhuintir na Gaeltachta; ní raibh ionadaíocht ar bith ag saineolaithe ná ag pobal na Gaeilge ar an gcoiste comhairleach a bhí molta; agus gan dréachtchaighdeáin a bheith ar fáil mar eiseamláir do chóras na gcaighdeán teanga a thiocfadh isteach in áit na scéimeanna teanga.

Níl aon amhras ach gur chúis áthais a bhí ann domsa nuair a gealladh i gclár an Rialtais seo go ndéanfaí láidriú ar a raibh molta sa Bhille deireanach. Ar an ábhar sin, cuirim fáilte chroíúil roimh an leasú chun cumhachtaí breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga sa chaoi is gur féidir leis faireachán a dhéanamh ar aon Acht a bhfuil baint aige le húsáid na Gaeilge nó lena stádas mar theanga oifigiúil. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh sé de chead ag an gcoimisinéir tráchtaireacht a dhéanamh ar dlíthe eile, seachas Acht na dTeangacha Oifigiúla amháin. Easpa mhór sa Bhille a bhí ann ná nach raibh cead ag an gcoimisinéir ach iniúchadh a dhéanamh ar sheachaint dualgais nuair a ndéantar gearán agus táim an-sásta go bhfuil sé sin curtha ina cheart ag an Rialtas. Ina theannta sin, is céim eile chun cinn é go gcuirfidh na leasuithe spriocdháta den 31 Nollaig 2030 leis an gcuspóir sa Bhille go mbeadh 20% d'oibrithe nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge. Is cur chuige tomhaiste ciallmhar é seo ach tá fadhbanna ann, mar a luaigh mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh.

Ní thuigim beag ná mór tuige a bhfuiltear ag moladh go mbeadh sé de chumhacht ag an Aire ordú a dhéanamh in 2028 go gcuirfí siar an spriocdháta sin. Mugadh magadh atá ann spriocdháta a leagan amach agus ag an am céanna a rá gur féidir é a shíneadh amach mura n-éireoidh leis. Ní luíonn sé le réasún agus creidim go láidir gur cheart an leasú sin a bhaint ón mBille. Ba chóir freisin go mbeadh sé ina dhualgas reachtúil ag duine nó dream ar leith maidir leis an bplean náisiúnta earcaíochta a chur i bhfeidhm.

Údar mór díomá eile atá sa Bhille seo ná nach bhfuil foráil láidir ann a leagfadh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí freastal ar mhuintir na Gaeltachta ina dteanga dhúchais. Is minic atá sé ráite ach is tobar luachmhar teangeolaíoch iad na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír agus tá brú aisteach ar na pobail seo ar go leor bealaí. Níl na jabanna le fáil agus níl an infreastruchtúr gréasáin sásúil ar chor ar bith idir leathanbhanda, bóithre agus cuanta. Cuireann sé seo ar fad iallach ar mhuintir na Gaeltachta an baile a fhágáil ar thóir oibre agus is iondúil gur i mBéarla a bhíonn an obair sin ar fáil. Ar a dhroim sin, nuair a bhíonn muintir na Gaeltachta ag plé le seirbhísí an Stáit, bíonn orthu iompú ar an mBéarla go rímhinic chun a gcuid gnó a dhéanamh. Is í an teachtaireacht atá ann don chainteoir dúchais Ghaeilge, mar sin, go bhfuil sé go breá acu labhairt go príobháideach lena muintir nó le cairde i nGaeilge ach sa saol poiblí is é Béarla an teanga atá ann agus a bhéas in uachtar.

Mar atá ráite ag an sochtheangeolaí aitheanta, an Dr John Walsh, ní bheidh mórán údaráis i ndáiríre ag reachtaíocht teanga nach dtugann aghaidh ar na háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt mar theanga an phobail. Ba cheart go mbeadh an Stát ina eiseamláir maidir le soláthair seirbhísí Gaeilge ach ina ionad sin tá Bille os ár gcomhair nach ndéanann caint ar bith faoin éileamh bunúsach seo a chur ar fáil i nGaeilge agus gan cheist an chuirfeadh an Stát a chuid seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht ná tada ach an oiread faoin gceart níos bunúsaí fós a bheith ag duine ainm agus seoladh i nGaeilge a úsáid i gcúrsaí oifigiúla.

Tagraím don Choiste Comhairleach agus ba cheart go mbeadh ionchur ag sciar níos leithne de phobal na Gaeilge air sin, go háirithe saineolaithe teanga agus daoine ón bpobal a thuigeann go rímhaith cén tionchar a bhéas ag an reachtaíocht ar an bpobal. Tá sé ráite ag Conradh na Gaeilge gur cheart tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don Choimisinéir Teanga chun go mbeadh cead aige Billí nua agus polasaithe Rialtais a scrúdú, faoi mar a dhéantar sa Bhreatain Bheag. Tagaim 100% leis an moladh seo. Is deis atá sa Bhille seo céimeanna móra chun cinn a ghlacadh maidir le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil don phobal agus chun cur le cumas an Stáit freastal mar is cóir ar mhuintir na Gaeltachta.

Cé go gcuirim fáilte roimh chuid de na leasuithe atá molta ag an Rialtas, is léir gur Bille easnamhach atá ann go fóill agus go bhfuil easpa físe ag baint leis. Is é an cheist a bheadh agamsa don Rialtas ná cén toradh atá sé ag iarraidh ón mBille seo? Is éard a bheadh mise ag iarraidh uaidh ná go ndéanfaí éascaíocht do mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta saol trí Ghaeilge a bheith acu sa tír seo. Más é sin a theastaíonn ón Aire, ón Aire Stáit agus ón Rialtas, chaithfí go dtuigeann siad gur chúis imní í an treocht reatha i leith úsáid na Gaeilge sna pobail Ghaeltachta ina bhfuil sí fós beo mar theanga phobail. Ní bheifear in ann an méid seo a iompú ar ais de cheal polasaithe láidir a dhéanfaidh an Ghaeilge a shní isteach i chuile chuid den saol. Sin é an dúshlán atá romhainn agus is ar an mbonn sin a impím ar an Aire agus ar an Aire Stáit breathnú an athuair ar an reachtaíocht seo, na leasuithe cuí a choinneáil agus a láidriú agus ansin na leasuithe gan chiall atá luaite agam a fhágáil amach ar fad sula dtabharfaí an Bille isteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.