Dáil debates

Thursday, 8 October 2020

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

1:45 pm

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Nuair a aontaíodh an clár Rialtais i mí an Mheithimh seo caite, tugadh gealltanais i leith na Gaeilge agus gealladh go sonrach go n-achtófar Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 roimh dheireadh na bliana seo. Mar Phríomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht, cuirim fáilte mhór roimh an deis seo labhairt sa Dáil agus an Bille a chur i láthair.

Thug mé cuairt ar Ghaeltacht agus cathair na Gaillimhe le déanaí. Le linn na cuairte sin, chas mé leis an gCoimisinéir Teanga agus phléigh muid an gá le seirbhísí poiblí i nGaeilge a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Le linn mo chuairte, chas mé le roinnt cumainn spóirt sa chathair féin agus ar imeall na cathrach, Cumann Peile Bhearna agus Cumann Lúthchleas Gael Bhaile Chláir san áireamh. Pléadh na hiarrachtaí atá ar bun sna cumainn sin chun an teanga a chur chun cinn mar chuid den phróiseas pleanála teanga. Chonaic mé an t-ionad Gaeilge nua atá á thógáil ag pobal teanga Chnoc na Cathrach le cúnamh d’os cionn €800,000 ó mo Roinn. Bhí mé an-tógtha leis an bhfuinneamh agus leis an ngrá a bhí ag na grúpaí seo don teanga.

Mar is eol don Teach, tá pobal mór Gaeilge ní amháin i nGaillimh ach ar fud na tíre, agus caithfimid, mar Rialtas, freastal ar riachtanais teanga an phobail sin. Tá súil agam go gcothóidh an Bille seo timpeallacht inar féidir leis an Stát feidhmiú mar chrann taca pobal Gaeilge na tíre seo.

Agus mé ag trácht ar Ghaillimh, ní mór dom mo bhuíochas a ghabháil leis an Seanadóir Kyne, iarAire Stáit ar a raibh freagracht as an nGaeltacht, a d’fhoilsigh an Bille seo anuraidh. Tá a fhios agam gur chuir an Seanadóir Kyne go leor oibre isteach sa Bhille seo agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair sin. Sular dréachtaíodh an Bille seo, cuireadh tréimhse chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara éagsúla.

Leagadh na ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus foilsíodh tuarascáil an chomhchoiste ag eascairt as an bpróiseas seo roimh samhradh 2018. Ba mhór an chabair í tuarascáil an chomhchoiste d’oifigigh mo Roinne agus an Bille Teanga á dhréachtú acu agus gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as an ionchur luachmhar sin sa bpróiseas.

Mar luaigh mé, is i mí na Nollag seo caite a d’fhoilsigh an Rialtas Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019. Bhí tús curtha leis an Dara Céim ag an am sin, agus thug iarAire Stáit na Gaeltachta, an Seanadóir Seán Kyne, léargas cuimsitheach ar na trí fhorálach déag atá le fáil sa Bhille don Teach ag an tráth sin. Tá iarracht déanta sa Bhille dul i ngleic le dhá mhórcheist – na scéimeanna teanga agus an earcaíocht sa tSeirbhís Phoiblí. Sílim go bhfuil sé tábhachtach agus muid ag cur tús leis an Dara Céim arís, go bhfillfeadh mé ar phríomhfhorálacha an Bhille agus iad a chur i láthair don Teach.

Tugtar téarmaíocht isteach sa Phríomh-Acht a tháinig chun cinn den chéad uair in Acht na Gaeltachta 2012 agus a úsáidtear go forleathan anois sa phróiseas pleanála teanga. San áireamh anseo tá na téarmaí seo: limistéar pleanála teanga Gaeltachta, baile seirbhíse Gaeltachta agus líonra Gaeilge. Tugtar cumhacht don Rialtas duine laistigh de chomhlacht poiblí a shainainmniú mar cheann comhlachta phoiblí chun críocha an Phríomh-Achta sa chás go mbeidh post cinn chomhlachta phoiblí folamh. Leis an bhforáil seo, déanfar cinnte de go leanfar leis na hoibleagáidí atá ar chomhlachtaí poiblí faoi réim an Phríomh-Achta a chomhlíonadh.

Is le cearta an duine an leagan Gaeilge dá ainm nó dá hainm a úsáid chomh maith le seoladh nó teideal Gaeilge a úsáid a bhaineann alt 4. Leis an alt seo, leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht agus tugtar isteach dualgas ar chomhlachtaí poiblí forordaithe a éascú, go príomha trí choigeartú a dhéanamh ar a gcórais teicneolaíochta faisnéise, go ndéanfar ainm, seoladh nó teideal duine i nGaeilge a úsáid. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an bhforáil seo i limistéir Ghaeltachta.

Foráiltear gur chóir foirmeacha oifigiúla a fhoilsiú i nGaeilge nó go dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla, agus foráiltear freisin an modh ar ar chóir é sin a dhéanamh. Foráiltear gur chóir, i gcás go mbeidh lógó á athnuachan nó á athrú ag comhlacht poiblí láithreach, gur i nGaeilge nó sa dá theanga oifigiúla a bheidh an lógó nua. Déantar foráil leis freisin maidir le cothroime idir an dá theanga sna lógónna sin. Foráiltear gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh ainm comhlachta reachtúil nuabhunaithe. Foráiltear go mbunófar coiste reachtúil, An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, agus leagfar amach ann téarmaí maidir lena chomhaltas, lena fheidhmeanna agus lena nósanna imeachta tuairiscithe, lena n-áirítear plean náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú.

Má tá an córas nua seo chun a bheith éifeachtach, beidh orainn feabhas a chur ar chúrsaí earcaíochta. Is é ceann de na príomhfhadhbanna a chuireann bac ar sheirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge ná nach bhfuil na daoine leis na scileanna cuí fostaithe sna hoifigí cuí. Má tá muid chun feabhas a chur air seo, caithfidh an Stát líon na bhfostaithe Stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú agus a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta.

Beidh sé mar chuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcófar don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Ar an mbealach seo tá sé i gceist againn tógáil, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge agus ag eascairt as sin, go mbeimid in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge.

Baineann alt 7 den Bhille le córas caighdeán teanga – tá sé i gceist iad a thabhairt isteach in ionad chóras láithreach na scéimeanna teanga. Tá an córas sin cáinte ag an gCoimisinéir Teanga a léirigh na heasnaimh sa tuarascáil dá chuid Tráchtaireacht ar Chóras na Scéimeanna Teanga, a foilsíodh in 2017.

Faoin gcóras nua, bheadh rangú le déanamh ar chomhlachtaí poiblí, ag baint úsáide as rialacháin chun caighdeáin a leagan síos do na comhlachtaí sin. Ar an mbealach seo, beidh muid in ann a chinntiú go mbeidh na caighdeáin is airde ó thaobh úsáid na Gaeilge de bainteach leis na heagraíochtaí a bhíonn ag soláthar seirbhísí don phobal, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh.

Ceadaítear sa Bhille an tagairt don Choimisiún Logainmneacha sa Phríomh-Acht a scriosadh. Is gá an leasú seo a dhéanamh i bhfianaise na breithe a thug an Rialtas deireadh a chur leis an gCoimisiún Logainmneacha sa bhliain 2012, mar chuid dá Phlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí. Cuireadh coiste saineolaithe, arna cheapadh ag an Aire ar bhonn riaracháin, in ionad an Choimisiúin Logainmneacha.

Déantar foráil sa Bhille maidir le próiseas comhchomhairliúcháin sula ndéanfaidh an tAire Ordú Logainmneacha nó sula leasaítear nó sula gcúlghairtear é. Déantar foráil maidir le fógra dátheangach a eisiúint nuair a dhéantar duine a thoghairm chun fónamh mar ghiúróir. Tá an fhoráil seo á lorg ag pobal labhartha na Gaeilge le fada.

Cé gur fáiltíodh é roimh fhoilsiú an Bhille anuraidh, bhí roinnt mhaith ag maíomh gur theastaigh Bille níos láidre, an Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge ina measc. Tá sé seo aitheanta ag an Rialtas agus gealladh sa chlár Rialtais go dtabharfaí Bille níos láidre chun cinn agus go mbeadh sé achtaithe roimh dheireadh na bliana. Tá tacaíocht an Rialtais faighte agam féin agus ag an Aire Martin roinnt leasuithe a mholadh a láidríodh an Bille, agus tá súil agam iad sin a chur i bhur láthair níos déanaí sa phlé inniu.

Ag an bpointe seo, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don Teach as an tacaíocht leanúnach a thug sibh d’oifigigh mo Roinne le linn an phróisis seo. Tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil dea-thoil i leith na Gaeilge le feiceáil sa phobal i gcoitinne. Is cuid riachtanach d’oidhreacht bheo an Stáit an Ghaeilge agus is acmhainn nádúrtha thábhachtach sa Ghaeltacht í. Teastaíonn reachtaíocht uainn a chabhraíonn linn an fhís atá léirithe sa Bhunreacht a bhaint amach agus a chuidíonn linn an Ghaeilge a chur chun chinn san aonú aois is fiche.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.