Dáil debates

Wednesday, 22 July 2020

Ceisteanna Eile - Other Questions

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

11:50 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Déanfaidh mé teagmháil leo fosta agus déanfaidh mé cinnte go dtarlóidh an cruinniú gan mhoill. Ón chruinniú a bhí agam féin agus ag an Teachta Mac Lochlainn leis na léachtóirí agus na hollúna ón ollscoil sin, tá sé iontach soiléir go bhfuil ionsaí á dhéanamh ar an rannóg sin. Tá maoiniú caillte aici le blianta beaga anuas. Bhí cúrsaí á gcur ar fáil aici i Leitir Ceanainn, in Anagaire i nGaeltacht Thír Chonaill, agus in aiteanna eile ach, mar gheall ar an ghearradh maoinithe a rinne an Rialtas le linn na géarchéime eacnamaíche, níl an rannóg ábalta iad a chur ar fáil ag an phointe seo.

Mar a dúirt an tAire Stáit, tá maoiniú á chur ar fáil ag an Roinn do 40 aonad idirnáisiúnta, ach níl sé á chur ar fáil don rannóg ar champas Mhic Aoidh i nDoire i leith na seirbhísí a sholáthraítear. Tá an rannóg seo fíorthábhachtach do Ghaeilgeoirí agus scoláirí Uladh. Tá sé tábhachtach ó thaobh cosaint a thabhairt do chanúint agus chun deis a thabhairt do scoláirí freastal ar an ollscoil le staidéar a dhéanamh ar an teanga gan iad a bheith i bhfeidhm taistil chomh fada le Gaillimh, Maigh Nuad ná Baile Átha Cliath. Tá súil agam go mbeidh dearcadh maith ag an Aire Stáit agus ag a Roinn nuair a chasann siad leis na daoine as an champas seo i nDoire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.