Dáil debates

Wednesday, 22 July 2020

Ceisteanna Eile - Other Questions

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

11:50 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tuigim tábhacht an ábhair seo. Is mór liom an cúlra agus na mionsonraí ar thug sé liom ina chuid cainte. Go ginearálta, cuireann an maoiniú sin go mór leis an teanga. Cruthaíonn sé tuiscint níos fearr ar an teanga agus ar chultúr na hÉireann lasmuigh d'Éirinn. Cothaíonn sé naisc idir Éirinn agus na tíortha ina bhfuil na hinstitiúidí lonnaithe. Chomh maith leis sin, cuireann sé go mór le scoláireacht na Gaeilge i measc an phobail acadúil idirnáisiúnta agus méadaítear stádas na teanga dá réir. Cuireann sé deis ar fáil an Ghaeilge a chur i láthair phobal acadúil ar fud an domhain. Tugann sé stádas comhionann don Ghaeilge le teangacha Eorpacha eile atá á dteagasc thar lear.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.