Dáil debates

Wednesday, 22 July 2020

Ceisteanna Eile - Other Questions

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

11:40 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta as na beannachtaí. Gabhaim buíochas leis as an gceist freisin. Is iad aidhmeanna an chiste d’ollscoileanna idirnáisiúnta dea-thoil i leith na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn lasmuigh den Stát, trasna na hEorpa, sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada agus níos faide ó bhaile agus ardán a chur ar fáil ionas gur féidir teacht ar an nGaeilge agus í a chur i lár an aonaigh mar theanga idirnáisiúnta. Cothaíonn sé tuiscint níos fearr ar an teanga agus ar chultúr na hÉireann lasmuigh den Stát agus cothaíonn sé naisc idir Éirinn agus na tíortha ina bhfuil na hinstitiúidí lonnaithe.

Chomh maith leis sin, cuireann sé go mór le scoláireacht na Gaeilge i measc an phobail acadúil idirnáisiúnta agus méadaítear stádas na teanga dá réir.

Faoi láthair, tá mo Roinn ag maoiniú cúrsaí Gaeilge in os cionn 40 institiúidí tríú leibhéal idirnáisiúnta agus tá súil againn cur leis seo sna blianta amach romhainn. San áireamh anseo, tá dhá pháirtnéireacht le Coimisiún Fulbright agus le Fondúireacht Ollscolaíochta na hÉireann-Ceanada ar mhaithe le teagascóirí Gaeilge a chur go tuaisceart Mheiriceá ar feadh tréimhse bliana. Déantar maoiniú ar chúrsaí in ollscoileanna ar fud na hEorpa chomh maith.

Cuidíonn an maoiniú leis na hollscoileanna tuarastal na dteagascóirí a íoc, ábhar teagaisc a chlúdach agus riaracháin na gcúrsaí chomh maith le deis a thabhairt do dhaltaí a theacht go hÉirinn ar scoláireacht i gceann de na ceithre ionad i nGleann Cholm Cille, Baile an Fheirtéaraigh, an Cheathrú Rua agus Inis Oírr.

Cé go bhfuil an ciste dírithe go príomha ar institiúidí nach bhfuil suite ar oileán na hÉireann, ach teagmháil a bheith déanta ag údaráis Ollscoil Uladh le mo Roinn, bheinn sásta iarraidh ar oifigigh mo Roinne casadh leo chun an cheist atá ardaithe ag an Teachta a phlé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.