Dáil debates

Wednesday, 22 July 2020

Ceisteanna Eile - Other Questions

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

11:40 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit. Tá súil agam go bhfeicfimid é, agus an tAire sinsearach, i nGaeltacht Thír Chonaill gan mhoill. Baineann an cheist atá roimh an Dáil leis na tacaíochtaí gur féidir leis an Roinn a thabhairt don rannóg Gaeilge i gcampas Mhic Aoidh i nDoire de chuid Ollscoil Uladh. Bhuail Teachta Mac Lochlainn agus mé féin le grúpa ollamh agus léachtóirí ón rannóg seo le gairid. Is é an rannóg Gaeilge sin an t-aon rannóg Gaeilge a bhíonn ag teagasc go huile is go hiomlán i nGaeilge Uladh. Déanann sé freastal ar chainteoirí Gaeilge Uladh sa taobh seo tíre. An bhfuil Roinn an Aire Stáit sásta tacaíocht airgid nó cúiteamh a thabhairt dó sa dóigh is gur féidir leis leanúint ar aghaidh leis an tseirbhís a chuireann sé ar fáil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.