Dáil debates

Thursday, 12 December 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Seirbhísí trí Ghaeilge

11:20 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Fáiltím go bhfuil oifigeach roghnaithe agus tosaithe i gCúige Mumhan. Guímis gach deá-rath ar an obair agus go n-éireoidh go geal léi. Tá jab mór gnóthach amach roimpi.

Tá bearnaí sa chóras. Pléann Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán leis na coistí pobal ar fud na tíre, agus arís agus arís eile tagann an cheist chun cinn maidir le riachtanais i gcóir freastal ar phobail óige. Caithfear rudaí cosúil le hionaid bualadh isteach agus a leithead a chur ar fáil sna ceantair éagsúla. Chun a leithead de rud a chur i bhfeidhm, theastódh duine lánaimseartha sna ceantair éagsúla chun freastal ar na pobail sin. Níl aon oifigeach ainmnithe do phobail áirithe go fóill, agus tá bearnaí ann fós. Caithfear cinntiú go mbeidh oifigeach óige ar fáil do na pobail Ghaeltachta ar fud na tíre. Ní amháin an freastal ar dhaoine óga atá i gceist, ach an obair bhreise ó thaobh cultúr agus teanga a thabhairt chun cinn chomh maith. Níor chóir scaoileadh leis an bhfreagracht sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.