Dáil debates

Thursday, 12 December 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Seirbhísí trí Ghaeilge

11:20 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Chuir muid acmhainní breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le cúpla bliain anuas agus tá sé suas don údarás é sin a roinnt amach do na heagraíochtaí, mar Muintearas Teoranta, atá ag freastal ar chúrsaí óige trasna na tíre. Déanfaidh an údarás cinneadh ó thaobh chuile Ghaeltacht.

Chuir an Teachta fáilte roimh an mhéid atá déanta i mbliana. Tá súil agam go bhfuil pleananna ag Muintearas Teoranta breathnú ar na Gaeltachtaí eile, i Maigh Eo agus i gContae na Mí, an bhliain seo chugainn, nó go bhfuil pleananna aige chun na bearnaí sin a líonadh síos an bóthar. Tá dul chun cinn déanta le cúpla bliain anuas agus tá acmhainní curtha ar fáil ó thaobh rudaí eile i gcúrsaí na hóige. Tá mo Roinn ag cur seirbhísí ar fáil tríd an Údarás, Muintearas Teo, agus trí na scéimeanna a ritheann siad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.