Dáil debates
Thursday, 12 December 2019
Ceisteanna Eile - Other Questions
Seirbhísí trí Ghaeilge
11:20 am
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá dul chun cinn suntasach déanta agus mar a luaigh mé, tá cuid de na bearnaí líonta le cúpla mí anuas, ceantar an Teachta i gCorcaigh ina measc. Tá scéimeanna eile ar fáil agus tá ciste eile ag an Roinn chun tacú le cúrsaí óige agus daoine óga. Tá €7.37 milliún ar fáil i 2020 chun caitheamh ar thograí reatha, mar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, scéim na gcúinteoirí teanga, scéim na gcampaí samhraí, agus cúnamh d’eagraíochtaí eile Gaeltachta mar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Coláiste UISCE, agus Oideas Gael. Ritheann mo Roinn a lán scéimeanna eile chun feidhmiú ar dhaoine óga agus cabhrú leo. Tá mé sásta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus go bhfuil cuid de na bearnaí líonta le cúpla mí anuas.
No comments