Dáil debates

Thursday, 12 December 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Seirbhísí trí Ghaeilge

11:20 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tá sé soiléir ó na figiúirí sin go bhfuil bearnaí ann agus nach bhfreastalaítear ar phobail áirithe, mar iad siúd i gContae na Mí nó Contae Mhaigh Eo. Is léir go mbeidh brú ollmhór ar pé duine a fhreastalaíonn ar Chúige Mhumhan, agus iad ag déileáil le gach rud idir Phort Láirge, Ciarraí agus Contae an Chláir. Is ceantar mór fairsing é, agus is ceantar ollmhór é Dún na nGall freisin. Tá ról an-tábhachtach ag na daoine seo agus tá sé an-tábhachtach go bhfuil a ndóthain daoine ann agus foireann ar fáil chun freastal ar na pobail éagsúla.

Cloisimid i gcónaí go bhfuil Muintearas Teoranta ag cur brú ar an údarás maidir le maoiniú. An bhfuil an Aire Stáit tar éis féachaint ar na figiúirí sin agus an bhfuil sé sásta go bhfuil go leor airgid ann? Ní bhfuair Údarás na Gaeltachta ach ardú beag i mbliana i gcóir cúrsaí reatha. An bhfuil srian ann, nó an féidir an maoiniú sin a scaoileadh chun freastal ar na pobail Ghaeltachta ar fad ar fud na tíre?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.