Dáil debates

Thursday, 12 December 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Seirbhísí trí Ghaeilge

11:20 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Is Óige na Gaeltachta, faoi chúram Mhuintearas Teoranta, an eagraíocht a dhéanann forbairt ar sheirbhísí agus iad a chur chun cinn, trí mheán na Gaeilge, do dhaoine óga sa Ghaeltacht. Is fochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta é Muintearas Teoranta. Sa chomhthéacs sin, tá Óige na Gaeltachta tiomanta chun réimse leathan seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do chlubanna óige, do ghrúpaí pobal agus d'eagraíochtaí deonacha a sholáthraíonn seirbhísí tábhachtacha do dhaoine óga sa Ghaeltacht. Ceann de bhunaidhmeanna Óige na Gaeltachta ná seirbhísí óige pobalbhunaithe atá dírithe ar pháistí idir seacht agus 18 a fheabhsú, agus úsáid na Gaeilge sna heagraíochtaí seo a chur chun cinn agus a mhéadú.

Ina thaobh sin, tá sé curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil bainisteoir óige lánaimseartha ag Óige na Gaeltachta, lonnaithe i gceanncheathrú Mhuintearas Teoranta i dTír an Fhia, Contae na Gaillimhe. Ina theannta sin, tá oifigeach forbartha óige lánaimseartha lonnaithe ar an láthair chéanna, a fheidhmíonn i gceantair Chonnacht agus Laighean. Tuigim go bhfuil oifigeach forbartha óige lánaimseartha a fhreastalaíonn ar Dhún na nGall fostaithe ó mhí Lúnasa 2019, atá lonnaithe in oifig Mhuintearais i nGaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall. Maidir le Cúige Mumhan, tá oifigeach forbartha óige lánaimseartha fostaithe ó mhí na Samhna 2019, atá lonnaithe in oifigí Údarás na Gaeltachta i mBaile Mhic Íre, Maigh Chromtha, Contae Chorcaí.

Mar sin, tá bainisteoir amháin agus triúr oifigeach forbartha óige lánaimseartha fostaithe ag Óige na Gaeltachta. Tá cúigear oifigeach forbartha óige páirtaimseartha fostaithe ag an eagraíocht freisin - ceathrar lonnaithe i nGaeltacht na Gaillimhe agus duine amháin i nGaeltacht Dhún na nGall. Níl dabht ach go bhfuil forbairt mhór déanta ag Óige na Gaeltachta le tamall anuas ag forbairt clubanna óige, agus tá líon na gclubanna sin tar éis méadú ó 37 go 43, de réir na bhfigiúirí is déanaí ó Údarás na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.