Dáil debates

Thursday, 12 December 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Seirbhísí trí Ghaeilge

11:10 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá ról an-tábhachtach ag oifigigh óige i ngach pobal ar fad na tíre. Sna Gaeltachtaí, tá ról breise acu toisc go bhfuil teanga agus cultúr le tabhairt chun cinn chun glúin nua. Mar sin, teastaíonn uaim a chinntiú go bhfuil oifigeach óige ar fáil sna pobail Ghaeltachta éagsúla go léir ar fud na tíre agus go bhfuil an córas ag feidhmiú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.