Dáil debates
Thursday, 12 December 2019
Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Údarás na Gaeltachta
11:10 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source
Léiríonn sé sin nach raibh an t-airgead ann. Chuir muid an t-airgead go dtí an t-údarás agus bhain sé úsáid as. Níor chuir an Rialtas an t-airgead go dtí an t-údarás. Tá siad ceangailte. Dá mba rud é go raibh an Rialtas faoi bhrú sa cheantair Ghaeltachta, agus dá mbeadh toghcháin agus díospóireacht ann, bheadh i bhfad níos mó airgid ag dul go dtí an t-údarás toisc go mbeadh an Rialtas faoi bhrú polaitiúil. Níl aon bhrú ann faoi láthair toisc go n-ainmnítear comhaltaí ag an Aire nó ag an gcomhairle áitiúil. Tá a fhios ag an Aire Stáit go raibh an t-údarás ag iarraidh i bhfad níos mó airgid, agus airgead caipitil ach go háirithe, mar tá sé faoi bhrú. Tá foirgnimh ag éirí sean. Caithfear athrú a dhéanamh maidir le cúrsaí meán cumarsáide agus cúrsaí teicniúla. Ba cheart go mbeadh go leor airgid ann chun é sin a dhéanamh. Bhí lá iontach againn in oifig an Aire Stáit le gteic a chur ar an mbóthar. Léiríonn gteic cé chomh tábhachtach is atá an t-údarás agus an jab a dhéanann sé nuair atá an t-airgead aige. Ba cheart go mbeidh gteic i ngach ceantar Gaeltachta ach ní bheidh mar níl an t-airgead ag an údarás. Tá a lán projects eile go mbeidh an t-údarás in ann a dhéanamh chun daoine a choimeád sa Ghaeltacht, chun obair a chur ar fáil dóibh, agus chun iad a fhostú dá mbeadh an t-airgead aige.
No comments