Dáil debates

Thursday, 12 December 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

11:10 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta go bhfuil an-phoitéinseal ag an údarás. Tá a fhios ag chuile duine go bhfuil sé ag lorg breis airgid chaipitil. Táimid ag déanamh chuile iarracht breis airgid a chur ar fáil. Bhí muid in ann €1 milliún breise a chur ar fáil i mbuiséad 2020. Tá comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Fuair Údarás na Gaeltachta airgead ó choiste athghiniúna na Roinne sin. Is é sin an chaoi ina raibh sé in ann infheistíocht a dhéanamh i gteic sa Spidéal, mar shampla. Tá an-phleananna aige chun moil gteic a oscailt trasna na tíre. Bhí muid i mBaile Átha an Ghaorthaidh chun mol gteic a oscailt ansin. Tá a fhios againn go bhfuil pleananna eile ag an údarás chun moil gteic a bhunú trasna na tíre, na hoileáin Ghaeltachta san áireamh. Tá an-obair á déanamh ag an údarás laistigh den bhuiséad atá aige ach aontaím leis an Teachta go bhfuil an-phoitéinseal aige agus go bhfuil sé ag lorg níos mó airgid. Beidh mé ag cur brú ar mo chomhghleacaithe chun breis airgid a fháil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.