Dáil debates

Thursday, 12 December 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

11:00 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ní aontaím go bhfuil ceangal ann idir buiséad an údaráis agus toghcháin chuig bord an údaráis. Mar Aire Stáit, déanaim iarracht breis airgid a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta nuair atá sé ann. Gabhaim buíochas do mo chomhghleacaí, an tAire, Teachta Madigan, as ucht an tacaíocht a bhfuair mé uaithi i gcomhair buiséad 2020. Ní aontaím go bhfuil an ceangal sin ann. Tá gach uile Aire riamh ag lorg níos mó airgid do bhord an údaráis agus do gach uile eagraíocht eile. Is é sin an chaoi ina n-oibríonn cúrsaí. Bíonn gach uile Aire agus gach uile Rialtas ag lorg breis airgid. Bhí muid in ann breis airgid a chur ar fáil. Tá ardú de 11% ar an maoiniú d'Údarás na Gaeltachta i mbliana. Tá an ceart ag an Teachta go raibh buiséad mór ag an údarás i rith an Celtic tiger ach bhí laghdú ann ó €25 milliún, go €16 milliún, agus go €10 milliún nó €9 milliún nuair a bhí Fianna Fail sa rialtas. Bhí an laghdú sin ann mar gheall ar an drochgheilleagar a bhí againn sa Stát.

Bhíomar in ann cur leis an mbuiséad caipitil don údarás ar feadh cúpla bliain anuas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.