Dáil debates
Thursday, 12 December 2019
Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Údarás na Gaeltachta
11:00 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source
Aontaím go bhfuil an dá rud ceangailte. Gabhaim buíochas le gach duine a bhí ina bhall nó ina ball de bhord an údaráis nó a d'oibrigh don údarás le linn an 40 bliain. Tá poitéinseal iontach ag an údarás ach tá sé soiléir nach dtuigeann an Rialtas an poitéinseal sin. Deich mbliana ó shin, bhí €15 milliún ag an údarás gach bliain. Níl an méid sin aige anois, fiú leis an €1 milliún breise. Caithfidh mé a rá gur oibrigh an tAire Stáit go crua chun an €1 milliún sin a fháil. I gcomhthéacs an phoitéinsil atá ann agus an t-airgead a tugtar do Fhiontar Éireann agus IDA Ireland, níl a dhóthain airgid ag dul go dtí an t-údarás chun an jab a dhéanamh, jab atá an-tábhachtach do cheantair Ghaeltachta. Tá an easpa airgid sin ceangailte leis an easpa toghchán díreacha. Tá difríocht mhór idir duine a bheith ainmnithe chun a bheith ar bhord agus duine a bheith tofa. Tá muinín ag daoine i ndaoine tofa. Beidh díospóireacht sna Gaeltachtaí faoi chúrsaí a bhaineann leis an údarás. Ba chóir don díospóireacht sin a tharlú. Tá faitíos ar Fhine Gael roimh dhíospóireacht sna ceantair Ghaeltachta faoi cháinaisnéis agus poitéinseal an údaráis. Ba cheart go mbeidh toghcháin ann. Bheadh díospóireacht ann leis na toghcháin sin.
No comments