Dáil debates

Thursday, 12 December 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

11:00 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Dírím a aird ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 23 ar 6 Samhain 2019 maidir le maoiniú Údarás na Gaeltachta. Mar a thug mé le fios san fhreagra sin, fógraíodh i mbuiséad 2020 go mbeidh ardú de €1 milliún á chur ar fáil do chiste caipitil Údarás na Gaeltachta in 2020. Fágfaidh sé seo go mbeidh ciste de €10 milliún ar fáil don eagraíocht. Is ionann sin agus méadú de bhreis agus 11% le hais an tsoláthair atá ann sa bhliain reatha.

Chomh maith leis sin, cuirfear €200,000 breise in airgead reatha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta don bhliain seo chugainn le dáileadh ar na heagraíochtaí pobalbhunaithe agus na comharchumainn Ghaeltachta. Is ionann seo agus ardú 25% le trí bliana anuas ar an gciste seo. Fágann sé sin go mbeidh soláthar iomlán de €4.05 milliún ar fáil don údarás in 2020 le dáileadh ar na heagraíochtaí pobalbhunaithe agus ar na comharchumainn Ghaeltachta. Ina theannta sin, beidh teacht ag Údarás na Gaeltachta ar chiste faoi leith sa chás go dtarlóidh Breatimeacht gan ord gan eagar. Sa bhreis air sin ar fad, beidh soláthar €9.602 milliún san iomlán ar fáil don eagraíocht in 2020 le haghaidh costais riaracháin a chlúdach. Beidh na sonraí iomlán maidir le soláthar Údarás na Gaeltachta ar fáil sna Meastacháin Athbhreithnithe do 2020 a fhoilseofar roimh dheireadh na bliana.

Maidir le toghcháin díreach do bhord Údarás na Gaeltachta, faoin socrú a tháinig i bhfeidhm faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá bord reatha Údarás na Gaeltachta, a ceapadh anuraidh, comhdhéanta de chúigear comhalta a d'ainmnigh na húdaráis áitiúla ábhartha a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu chomh maith le seachtar comhalta eile a roghnaíodh bunaithe ar chomórtas poiblí a eagraíodh faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. Cinntíonn an córas reatha seo faoina gceaptar ionadaíocht na húdaráis áitiúla go mbíonn bunús daonlathach le bord Údarás na Gaeltachta agus cinntíonn ceapacháin na seachtar comhalta eile go bhfuil daoine leis an saineolas agus na scileanna ábhartha cuí á roghnú don chúram - rud atá ar leas foriomlán an údaráis agus an phobail a ndéanann sé freastal air mar fhoras Stáit.

Is fiú dom a mheabhrú don Teachta go bhfuil roinnt inniúlachtaí caighdeánacha ann a aithnítear a bheith tábhachtach sa lá atá inniu ann chun a bheith mar chomhalta ar bhord Stáit ar nós Údarás na Gaeltachta. San áireamh anseo, tá dearcadh straitéiseach anailíse, obair foirne, cion tairbhe agus iarracht, agus cumarsáid agus tuiscint ar chúrsaí airgeadais. Is ionann go deimhin an líon reatha comhaltaí atá ar an mbord faoin gcur chuige reatha agus an líon comhaltaí a mholtar, de réir taighde idirnáisiúnta, ar chóir a bheith ar bhord den chineál atá i gceist le hÚdarás na Gaeltachta.

I bhfianaise seo uile, ní léir dom go bhfuil cúis ann go ndéanfaí aon athrú ar an gcur chuige reatha maidir le struchtúr an bhoird, a thagann go hiomlán go deimhin le treoirlínte an Rialtais maidir le ceapacháin do bhoird Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.