Dáil debates

Wednesday, 6 November 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Maoiniú Údarás na Gaeltachta

11:05 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

An dóigh leis an Aire Stáit go bhfuil cothrom na Féinne á fáil ag an nGaeilge, mar theanga, agus ag an údarás i gcomhthéacs an tslí ina bhfuil an t-airgead a threorú? Cé go bhfuil fás tagtha ar an gciste, laistigh de rannóg an Aire Stáit tá dhá oiread an méid airgid imithe go dtí an Chomhairle Ealaíon, mar shampla. Molaim an maoiniú iontach atá bainte amach ag an gcomhairle. Cén fáth nach bhfuil ach leath den mhaoiniú sin - €2.4 milliún - ar fáil do chúrsaí Gaelainne agus Gaeltachta? Tá an sciar den chiste iomlán a fhaigheann grúpaí eile, cosúil le Enterprise Ireland agus IDA Ireland, luaite agam. An bhfuil an ráta fás a bhaineann leis an mhaoiniú a fhaigheann na heagrais sin cosúil leis an ráta fás a bhaineann leis an mhaoiniú a fhaigheann Údarás na Gaeltachta? Ba chóir go mbeadh deis ag lucht an údaráis a gcuid oibre a dhéanamh gan na srianta seo. Ba mhaith leo brú ar aghaidh le tograí móra ar fud na tíre, ina measc Coláiste Íosagáin i mBaile Bhúirne i mo cheantar féin. Caithfear a chinntiú go bhfaighidh cúrsaí Gaelainne agus Gaeltachta cothrom na Féinne. An dóigh leis an Aire Stáit go bhfuil a leithéid á fháil faoi láthair, nuair atá an ráta fás i gcás maoiniú na heagrais atá luaite agam curtha i gcomparáid leis an ráta fáis i gcás maoiniú Údarás na Gaeltachta?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.