Dáil debates
Wednesday, 6 November 2019
Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Maoiniú Údarás na Gaeltachta
11:05 am
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Ba cheart dúinn an chomhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus - mar shampla - an Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta a thógáil san áireamh freisin. Tá airgead caipitil curtha ar fáil le haghaidh Páirc na Mara i gCill Chiaráin i gConamara, mar shampla, ó chiste an Aire, an Teachta Humphreys. Tá an chomhpháirtíocht idir an t-údarás agus na heagraíochtaí Stáit agus Ranna Stáit eile fíorthábhachtach. Tá an t-airgead caipitil sin ar fáil don údarás agus tograí an údaráis. Tá jab iontach á dhéanamh ag lucht an údaráis. Tá ainm an-mhaith ag Údarás na Gaeltachta. Tá an t-údarás ag obair go maith le heagraíochtaí Stáit eile. Tá sé ar chumas an údaráis cur isteach ar scéimeanna eile tríd an Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta. Tá an obair sin ag dul ar aghaidh. Tá airgead ag an údarás chun poist a chruthú sna ceantair fíorthábhachtacha seo. Tá sár-jab á dhéanamh ag an údarás sa chomhthéacs seo.
No comments