Dáil debates
Wednesday, 6 November 2019
Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Maoiniú Údarás na Gaeltachta
11:05 am
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Aontaím leis an Teachta go bhfuil ról fíorthábhachtach ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh poist a chruthú i gceantair iargúlta na Gaeltachta trasna na tíre. Bíonn mé ag lorg breis airgid don údarás i gcónaí. Le linn mo dhá thréimhse mar Aire Stáit na Gaeltachta, bhí sé ar mo chumas breis airgid a chur ar fáil don údarás sa bhuiséad lárnach nó san athbhreithniú ar an mbuiséad roimh dheireadh na bliana. Bhíomar in ann €1 milliún breise a chur ar fáil i mbliana. Ardú de 11% sa bhuiséad a bhí i gceist. Bhí ardú iomlán de 4% i mo rannóg féin sa bhuiséad a fógraíodh an mhí seo caite. Bíonn breis airgid á lorg againn i gcónaí. Tá a fhios agam go bhfuil ról tábhachtach ag an údarás. Beidh mé ag lorg breis airgid sna blianta amach romhainn.
No comments