Dáil debates

Wednesday, 6 November 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Maoiniú Údarás na Gaeltachta

11:05 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Meallann Údarás na Gaeltachta fostaíocht agus infheistíocht chuig na ceantair Ghaeltachta. Níl aon dabht go mbíonn tairbhe ag baint le hiarrachtaí an údaráis, go háirithe do phobal na Gaeltachta, nuair a éiríonn leo a leithéid a dhéanamh. Braitear i gcónaí go bhfuil srianta ar an údarás toisc nach bhfuil go leor airgid acu. Cén fáth nach raibh ach ardú de €1 milliún i gceist i mbliana, ós rud é go raibh éileamh i bhfad níos mó a bhí ann? D'fhéadfadh an t-údarás i bhfad níos mó a dhéanamh faoi na pleananna atá acu dá scaoilfí ag aghaidh iad agus breis maoiniú ar fáil dóibh. Tuigim go bhfuil ardú ann i mbliana, ach nuair a bhreathnaímid ar an bhfás atá tagtha ar an maoiniú le haghaidh eagrais cosúil le Enterprise Ireland agus IDA Ireland, caithfear a cheistiú an bhfuil cothrom na Féinne á fháil ag muintir na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. An bhfuil an t-ardú céanna i gceist i gcás an údaráis agus i gcás na heagrais eile? Cén fáth nach bhfuil ach €1 milliún ann i mbliana, in ainneoin is go raibh éileamh ann ar níos mó? Beidh deis againn athbhreithniú a dhéanamh ar na Meastacháin níos déanaí i mbliana. Bainfidh sé sin le caiteachas nach bhfuil críochnaithe. An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit airgead a threorú isteach chuig an údarás agus chuig cúrsaí Gaelainne agus Gaeltachta, go háirithe ós rud é go bhfuil dhá oiread an mhéid airgid á chur ar fáil i gcomhair na healaíon i gcomparáid le cúrsaí na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.