Dáil debates
Wednesday, 6 November 2019
Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Maoiniú Údarás na Gaeltachta
11:05 am
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, fógraíodh i mbuiséad 2020 go mbeidh ardú €1 milliún á chur ar fáil do chiste caipitil Údarás na Gaeltachta in 2020. Fágfaidh sé seo go mbeidh ciste €10 milliún ar fáil don eagraíocht, nó ardú de thart ar 11% ar an mhéid atá acu i mbliana. Chomh maith leis sin, cuirfear €200,000 breise in airgead reatha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta don bhliain seo chugainn le dáileadh ar na heagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta. Mar a luaigh mé leis an Teachta Ó Snodaigh, is ionann é seo agus ardú 25% le trí bliana anuas ar an gciste seo. Fágann sé sin go mbeidh soláthar iomlán de €4.05 milliún ar fáil don údarás in 2020 le dáileadh ar na heagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta. Ina theannta sin, beidh teacht ag Údarás na Gaeltachta ar chiste faoi leith sa chás go dtarlóidh Breatimeacht gan socrú. Is fiú dom a mheabhrú go mbeidh soláthar de €9.602 milliún san iomlán ar fáil don eagraíocht in 2020 le haghaidh cúrsaí riaracháin. Ar ndóigh, ní gá dom a rá go bhfuil obair den scoth á déanamh ag Údarás na Gaeltachta chun an clár oibre atá idir lámha acu a chur sa tsiúil. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás 589 post a chruthú in 2018 agus go raibh 122 duine breise fostaithe i gcuideachtaí an údaráis sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana 2018 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Bhí 7,625 post i gcliantchuideachtaí an údaráis ag deireadh na bliana sin. Ag cur gach rud san áireamh, táim sásta go mbeidh sé ar chumas na heagraíochta leanúint orthu agus a chlár oibre a chur i bhfeidhm go rathúil in 2020 ar leas na Gaeltachta agus na Gaeilge.
No comments