Dáil debates

Thursday, 19 September 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Bóithre Gaeltachta

10:50 am

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail) | Oireachtas source

Caithfidh mé a rá nach bhfuil an tAire tar éis freagra a thabhairt ar an gceist a chuir mé air. Cén uair a bheidh an tAire Stáit, nó an Aire sinsearach, ag tabhairt cuairt ar Dhún na nGall? Ní raibh an tAire Stáit sa chontae ón uair ar ceapadh é mar Aire Stáit don dara huair. Nuair a ceapadh Airí thar na blianta, bhí siad sásta cuairt a thabhairt ar na Gaeltachtaí, ach níl sé sin déanta ag an Aire Stáit. Níl sé tar éis freagra a thabhairt dom i dtaca leis seo. Iarraim air gan a rá liom go raibh sé i nGleann Cholm Cille. Bhí air bheith ansin ós rud é go raibh cruinniú Rialtais ar siúl ann. Tá sé ráite ag an Aire Stáit go bhfuil iarratas faighte aige ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall maidir leis na bóithre ar na hoileáin. Tá sé ag smaoineamh anois ar airgead a chur ar fáil, cé go bhfuilimid beagnach ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus ag dul isteach sa gheimhreadh. Ní mór dom a rá go mbíonn fáilte againn roimh airgead am ar bith. Caithfear cinnteacht a fháil fá dtaobh na ráflaí atá ag dul thart nach bhfuil an tAire Stáit sásta airgead a chur ar fáil i gcomhair na mbóithre seo ós rud é go bhfuil sé ag iarraidh airgead a choinneáil le haghaidh togra i nGaillimh. Sheol mé ríomhphost chuig an Aire Stáit cúpla seachtain ó shin chun ceist áirithe a chur agus is mian liom an cheist sin a chur arís. An raibh an tAire Stáit i dteagmháil leis an Aire, an Teachta Ring, atá cúraimí na n-oileán agus na Gaeltachta air, chun airgead a fháil fá choinne an damáiste atá déanta do na bóithre i nDún na nGall?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.