Dáil debates

Thursday, 19 September 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Bóithre Gaeltachta

10:50 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá an scéim faoina mbíodh cúnamh airgid á chur ar fáil ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta do na húdaráis áitiúla ábhartha - den chuid is mó chun athchóiriú a dhéanamh ar bhóithre áirithe Gaeltachta - ar fionraí le tamall de bhlianta anois. Mar atá tugtha le fios sa fhreagra ar Cheist Uimh. 24 inniu, is i gcomhthéacs fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a ndéanfaí aon chinneadh maidir le hathnuachan na scéime sin, rud nach bhfuil beartaithe a dhéanamh ag an bpointe seo. Ach an oiread leis an gcuid eile den tír, is faoi na húdaráis áitiúla ábhartha a bhaineann an fhreagracht maidir le cothabháil bhóithre na Gaeltachta. Iarrann mo Roinn iarratais i leith oibreacha poiblí ar oileáin áitrithe ar bhonn bliantúil ó na húdaráis áitiúla ábhartha i leith oibreacha a bhféadfaí a dhéanamh laistigh den bhliain i gceist. Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall san áireamh agus go bhfuil an t-iarratas a fuarthas uathu á scrúdú ag oifigigh mo Roinne faoi láthair i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil le caitheamh ar thograí oileánda i mbliana agus i gcomhthéacs na n-éileamh éagsúil ar an soláthar sin. Tá infheistíocht leanúnach á dhéanamh ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i dtograí caipiteal ar na hoileáin. Ó tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm, tá €9.15 milliún caite ag an Roinn ar thograí éagsúla faoin chlár caipitil na n-oileán. Léiríonn an figiúr sin go bhfuil mo Roinn tiomanta d'fhorbairt na n-oileán agus do phobal bríomhar inbhuanaithe a choinneáil ag maireachtáil ar na hoileáin. Tá mé ag éisteacht le pobail na n-oileán i gcónaí agus tá mé gníomhach ar a son. Tá ceithre mhórthogra ag mo Roinn luaite i dTionscadail Éireann 2040 agus tá péire acu bainteach leis na hoileáin i nDún na nGall: forbairt na céibhe ag Machaire Rabhartaigh, atá ag freastal ar Oileán Thoraí; agus bád nua saincheaptha d'Oileán Thoraí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.