Dáil debates
Thursday, 19 September 2019
Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Bóithre Gaeltachta
10:50 am
Pat Gallagher (Donegal, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá mé ag iarraidh a fháil amach ón Aire nó ón Aire Stáit cé chomh luath is a bheidh sí nó sé ag tabhairt cuairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall. Taobh amuigh den chruinniú Rialtais i nGleann Cholm Cille, ní raibh an tAire nó an Aire Stáit i nGaeltacht Dhún na nGall ón uair a ceapadh iad. An bhfuil tuairisc á lorg ag an Aire Stáit, nó b'fhéidir faighte aige, maidir leis an damáiste atá déanta ar bhóithre oileáin Dhún na nGall, ina measc Árainn Mhór, Oileán Thoraí, Inis Bó Finne, Gabhla agus Oileán Uaighe? An raibh sé i dteagmháil leis an Aire, an Teachta Ring, maidir le hairgead a fháil fá choinne na bóithre seo a chóiriú?
No comments