Dáil debates

Thursday, 19 September 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Bóithre Gaeltachta

10:50 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Is é seo mo dara thréimhse mar Aire Stáit na Gaeltachta. Bhí mé ar oileán Árainn Mhór nuair a bhí Teachtaí Dála agus comhairleoirí áitiúla i láthair. Bhí mé i nGaeltacht Ghleann Cholm Cille freisin. Tá mé sásta breathnú ar chasadh le grúpaí ag aon am. Má tharlaíonn go bhfuil rudaí ag dul ar aghaidh sa Ghaeltacht, beidh mé sásta dul ann freisin. An chuid is mó den am, nuair a bhíonn rudaí oifigiúla ag dul ar aghaidh sa Ghaeltacht, tá mé sásta nuair a fhreastalaíonn an tAire, an Teachta McHugh, seachas mé féin, ar na cruinnithe sin. Bíonn muid ag obair le chéile. Táimid ag breathnú ar na bóithre. Mar a dúirt mé Dé Máirt nuair a bhí cúrsaí oileánda á bplé againn sa Dáil, cheadaigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta deontas de thart ar €350,000 d'oileáin Dhún na nGall sa bhliain 2018. Níor ceadaíodh ach €40,000 d'oileáin na Gaillimhe sa bhliain chéanna. Caithfimid bheith féaráilte faoi leithdháileadh an airgid. Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil mé ag breathnú ar thogra mór i nGaillimh chun Aerfort na Mine a cheannach. Táimid ag breathnú ar an gcaoi is fearr inar féidir linn an aerstráice sin a cheannach. Táimid ag breathnú ar an airgead. Tá mé ag obair leis an Aire, an Teachta Madigan, ar an togra sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.