Dáil debates

Wednesday, 12 June 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

An Coimisinéir Teanga

10:40 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá an méid atá ráite ag an Aire Stáit tábhachtach ach an cheist ná cad atá an Aire chun a dhéanamh chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil an Státchóras chun cloí leis na moltaí atá i tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga an bliain seo agus blianta eile? Chomh maith leis sin, cad atá an Státchóras chun a dhéanamh chun brú breise a chur orthu ionas nach mbeidh ar an gCoimisinéir Teanga fiosrúcháin a bheith aige ar na ceisteanna a ardaíonn an pobal nó a ardaíonn sé féin maidir leis an tromaíocht atá á déanamh ar an nGaeilge sa Státchóras nach féidir linne atá Gaeilge againn agus atá ag iarraidh í a úsáid sa Státchóras teacht ar sheirbhísí chomh tapa céanna nó chomh áisiúil agus a thagaimid orthu leis an mBéarla. An bhfuil sé i gceist ceangailt a dhéanamh amach anseo idir maoiniú na comhlachtaí poiblí seo agus an Státchóras i gcoitinne muna bhfuil siad ag cloí leis na dualgais bunreachtúil agus dualgais teanga atá acu agus go dtarraingeofaí siar roinnt den mhaoiniú ó na comhlachtaí sin. Sampla mór amháin a thug an Coimisinéir Teanga ná RTÉ. Bhí air scrúdú iomlán a dhéanamh ansin agus fós, níl RTÉ tar éis plean nó freagra ceart a chur chuige. Tá síneadh ama tugtha dó go deireadh na míosa seo ach tá súil agam go mbeidh bogadh ag tarlú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.