Dáil debates

Wednesday, 12 June 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

An Coimisinéir Teanga

10:40 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Luaigh an Teachta RTÉ ansin agus níl aon dualgas reachtúil ormsa mar Aire Stáit maidir le craolachán RTÉ. Tuigim gur iarr an Coimisinéir Teanga ar RTÉ plean feidhmiú a ullmhú laistigh de sé mhí ón dáta a foilsíodh an tuarascáil ar an scrúdú a rinne an coimisinéir chun sású a thabhairt don choimisinéir faoi cén dóigh a bhfuil se i gceist ag RTÉ réimse cuimsitheach cláracha teilifíse i nGaeilge agus cláracha faoi cúrsaí reatha i nGaeilge a chur ar fáil. Tá mé ag súil go mbeidh toradh dearfach ar an bplean sin agus tá a fhios agam gur chas an coimisinéir le ceannaire RTÉ maidir leis na ceisteanna sin.

Luaigh an Teachta rud fíor-shuimiúil ó thaobh cén chaoi a bhféadfaí a chinntiú go mbeadh na dualgais a bheadh ag na comhlachtaí Stáit á gcomhlíonadh. Caithfimid breathnú ar sin sa Bhille agus beidh an díospóireacht sin againn sa Teach. B'fheidir go bhféadfaimis fíneáil a chur orthu má theipeann orthu glacadh leis na dualgais atá acu maidir leis an nGaeilge agus maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.