Dáil debates

Wednesday, 12 June 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

An Coimisinéir Teanga

10:40 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, is é an Coimisinéir Teanga atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar dhualgaisí na gcomhlachtaí poibli faoin Acht. Is é sin comhlíonadh na rialacha atá i bhfoirm reachtaíochta maidir le comharthaíocht, foilseacháin agus comhlíonadh na ngealltanas atá tugtha sna scéimeanna teanga éagsúla atá aontaithe le mo Roinn. Aontaíodh 132 scéim teanga faoi dheireadh na bliana 2018 ach níl aon dualgas ar mo Roinn maidir le monatóireacht ar fheidhmiú na scéimeanna sin.

Mar is iondúil, d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga tuarascáil bhliantúil an-chuimsitheach a léiríonn an réimse leathan oibre atá ar siúl ag a oifig agus a thábhachtaí is atá an obair sin do phobal na Gaeilge.

Is fiú don Teachta a nótáil go bhfuil oifigigh mo Roinne ag obair faoi láthair i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne chun Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a dhréachtú. Mar chuid thábhachtach den leasú ar an Acht, tá sé i gceist aird a thabhairt ar an ábhar atá luaite ag an gCoimisinéir ina thuarascáil.

Mar chúlra, is iarracht é an Bille seo, tríd na ceannteidil éagsúla, an timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga nios feiceálaí agus go mbeidh fáil níos leithne ar sheirbhísí tri Ghaeilge.

Tá sé i gceist sa Bhille foráil a dhéanamh a chinnteofar go n-éascóidh comhlachtaí poiblí úsáid ainmneacha agus seoltaí sa dá theanga oifigiúil, lena n-áirítear úsáid an tsíneadh fhada agus sloinnte níos faide a éascú.

Táthar ag súil go rachaidh na forálacha agus na céimeanna eile atá á nglacadh sa Bhille leasaithe maidir le caighdeáin teanga agus earcaíocht don Státchóras cuid mhaith i ngleic leis na deacrachtaí atá ardaithe ag an gCoimisinéir Teanga ina thuarascáil bhliantúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.