Dáil debates

Tuesday, 26 March 2019

Ceisteanna - Questions

Scéimeanna Teanga

4:15 pm

Photo of Mary Lou McDonaldMary Lou McDonald (Dublin Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Taoiseach as ucht a chuid fhreagra. Tá súil agam gur bhain gach éinne sonas agus sásamh as Seachtain - nó coicís - na Gaeilge. An mbeidh tuairisc nua maidir le dul chun cinn Roinn an Taoisigh faoin straitéis 20 bliain ar fáil go luath? Baineann an tuairisc is déanaí le dul chun cinn na Roinne faoin straitéis ón mbliain 2015. Sin beagnach ceithre bliana ó shin. Impím ar an Taoiseach é sin a réitieach láithreach. Ba mhaith liom ceist dhíreach a chur ar an Taoiseach; cathain a bheidh Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) foilsithe? Bhí sé le déanamh an bhliain seo caite. An féidir leis an Taoiseach dáta a thabhairt dom inniu?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.