Dáil debates

Tuesday, 26 March 2019

Ceisteanna - Questions

Scéimeanna Teanga

4:15 pm

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Chuir mé an cheist seo síos ar 20 Feabhra. Is olc an scéal go bhfuilimid anseo inniu i mí na Márta ag déileáil leis. Mar is eol don Taoiseach, tá dualgas air scéim faoi leith ó thaobh an teanga a chur chun cinn laistigh don Roinn. Ba é an spriocdháta i gcomhair submissions 1 Eanáir. Cathain a bheidh an plean sin críochnaithe agus foilsithe ag an Roinn? Maidir le hoifigigh na Roinne, cé mhéad dóibh a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu agus atá in ann a gcuid ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge? An bhfuil an figiúr sin maidir le hoifigigh a Roinne féin ag an Taoiseach? Mar is eol don Taoiseach, cháin Conradh na Gaeilge cáináisnéis 2019 - an budget - de réir an mhéid airgid a fuair an Ghaeilge. Bhí Conradh na Gaeilge ag lorg €10 milliún breise le linn 2019 ach ní fuair sé ach €5 milliún. Bhí muintir na Gaeltachta míshásta leis an méid a cuireadh ar fáil do na Gaeltachtaí sa bhuiséad chomh maith. Tá deacrachtaí ag baint leis na Gaeltachtaí. Tá dúshláin an-mhór amach uathu, go háirithe i dtaobh na meán cumarsáide agus i dtaobh labhairt na Gaeilge. Tá deacrachatí ann sa chóras oideachais chomh maith. An bhfuil an Rialtas sásta níos mó tacaíochta a thabhairt do na múinteoirí atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge sna Gaelscoileanna agus sna meánscoileanna lán-Ghaeilge chomh maith? An bhfuil aon phlean ag an Rialtas chun déileáil leis an easpa múinteoirí Gaeilge faoi láthair? Tá easpa ann anois. Tá deacrachtaí ag na meánscoileanna múinteoirí Gaeilge a fháil agus a fhostú. Is ceist phráinneach í seo. An bhfuil aon phlean ag an Rialtas chun an fhadhb sin a réiteach?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.