Dáil debates

Tuesday, 26 March 2019

Ceisteanna - Questions

Scéimeanna Teanga

4:15 pm

Photo of Leo VaradkarLeo Varadkar (Dublin West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tairgim Uimh. 1 go 4 a ghlacadh le chéile.

Faomhadh scéim teangacha oifigiúil mo Roinne faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 in 2016. Cumhdaíonn sí an tréimhse trí bliana ó 2016 go 2019. Cuimsítear sa scéim reatha, atá ar fáil ar gov.ie, roinnt gealltanas atá in ainm is a chinntiú gur féidir le haon chustaiméirí de chuid Roinn an Taoisigh, ar mian leo tabhairt faoina ngnó trí Ghaeilge, é sin a dhéanamh.

Tá obair ar siúl faoi láthair chun scéim teangacha oifigiúla nua a fhorbairt. D’fhoilsigh an Roinn a fógra rúin chun scéim nua a ullmhú ar an 28 Samhain 2018 agus thug sí cuireadh d’aighneachtaí ó gach páirtí leasmhar ar spéis leo maidir leis an scéim nua a ullmhú. I ndiaidh comhairliúchán laistigh den Roinn, tá obair ar an scéim nua beagnach i gcrích. Leagfar amach sa scéim na seirbhísí a sholáthraímid trí Ghaeilge agus na bearta a bheartaímid a ghlacadh lena chinntiú go gcuirfear aon sheirbhísí nach bhfuil á gcur ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair, ar fáil trí Ghaeilge le himeacht ama.

Fad a bhíonn an scéim seo á hullmhú, tugtar an aird mar is cuí ar na treoirlínte a d’eisigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Cé nach dtugann mo Roinn leibhéal suntasach d’éileamh ón bpobal ar sheirbhísí i nGaeilge faoi deara, aithníonn sí an tábhacht a bhaineann le foireann a bheith aici atá líofa sa Ghaeilge agus in ann seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus leanfaidh sí le hamhlaidh a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.