Dáil debates
Tuesday, 26 March 2019
Ceisteanna - Questions
Scéimeanna Teanga
4:15 pm
Brendan Howlin (Wexford, Labour) | Oireachtas source
Mar is eol do chách, bhí ráitis againn sa Teach seo i rith Seachtain na Gaeilge. Sa díospóireacht sin, dúirt mé gur cúis díomá dúinn é nach bhfuil sé ar chumas fhormhór na ndaltaí an Ghaeilge a labhairt go líofa tar éis na blianta a chaitheamh inár scoileanna ag foghlaim na teanga. Tá dúalgas faoi leith orainn aire a thabhairt dóibh siúd a bhfuil an Ghaeilge acu agus atá ag lorg an teanga a úsáid ina gcuid ghnó leis an Rialtas, go háirithe le Roinn an Taoisigh féin. Ón méid atá ráite ag an Taoiseach inniu, níl sé soiléir dom go bhfuil deis á tabhairt do chuile shaoránach agus chuile dhuine an Ghaeilge a úsáid agus iad ag déanamh a gcuid ghnó leis a Roinn féin. Más sin an scéal, an bhfuil an Taoiseach sásta leis? Cathain a mbeidh an fhadhb sin réitithe?
No comments