Dáil debates

Tuesday, 12 March 2019

7:25 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an deis páirt a ghlacadh sa seisiún seo trí Ghaeilge, ach is mór an trua é go bhfuil gá le seisiún mar seo chun aird a tharraingt ar ár dteanga dhúchais. Léiríonn an gá seo go bhfuil dúshlán mór os ár gcomhair chun labhairt na Gaeilge sa tír seo a normalú, in ainneoin gurb é normalú na teanga croílár na straitéise 20 bliain. Mar a dúirt mo chomhghleacaí, beatha teanga í a labhairt. Faraor, tá an Teachta Howlin imithe. Tá neart Gaeilge aige. Ní mór dom an cheist a chur, cén fáth nach bhfuil sé ag baint níos mó úsáide as an saibhreas Gaeilge atá léirithe aige anseo?

Le Breatimeacht i lár an aonaigh, cuireadh Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) ar an mhéar fhada. Ní raibh mé ró-shásta leis sin mar Chathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. Níl an leithscéal sin ag an Rialtas níos mó. Tá an reachtaíocht phráinneach curtha tríd an Dáil aige. Tá sé thar am anois dáta a thabhairt dúinn. Cén uair a bheidh an Bille foilsithe? Táimid ag caint faoi chearta teanga, faoi phobal na Gaeilge agus faoi chearta daonna. Níl aon leithscéal eile. Tá sé ríthábhachtach an Bille sin a fhoilsiú. Tá a fhios againn gurb é easpa daoine le Gaeilge agus cúrsaí earcaíochta cuid mhór den fhadhb. Bhí moltaí laidir ag an gcoiste. Ba mhaith liom an Bille sin a bheith foilsithe.

Tá sé tábhachtach freisin an Acht Gaeilge sa Tuaisceart a lua. Impím ar an Rialtas tuilleadh a dhéanamh chun dul i bhfeidhm ar Rialtas na Breataine agus ar an DUP maidir leis an gceist seo. Chuaigh mé ar chuairt go dtí Charn Tóchair i nDoire i mí Iúil. Chuaigh mé ar cuairt go Béal Feirste freisin. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm. Eiseamláir iad na grúpaí agus na dreamanna ar an talamh. Tá obair na gcapall á déanamh acu. Is eiseamláir iad dúinne sa tír seo.

Ní mór dom a rá freisin go dtugann sé ardú meanman dom Gaeilge a chloisteáil i halla na Dála. Tá an fhoireann an-bháúil, go háirithe na maoir, ach ní leor bá ón bhfoireann chun an teanga a chur chun cinn agus í a shabháil. Tá tábhacht faoi leith ag baint le húsáid na Gaeilge san fhoirgneamh seo don chuid eile den tír. Tá freagracht orainn dea-shampla a léiriú do mhuintir na hÉireann. Sa chomhthéacs sin feictear dom go bhfuil géarghá tógáil ar an dea-thoil atá sa Teach agus, mar shampla, ranganna Gaeilge a chur ar fáil don fhoireann uilig, ag amanna atá feiliúnach dóibh agus ar leibhéil éagsúla cuí, mar chuid den lá oibre. Tá sin ag teastáil.

Ó thaobh na Gaeltachta de, tá a fhios againn go bhfuil staid reatha na Gaeilge sna Gaeltachaí uilig thar a bheith leochaileach. Níor tháinig an t-eolas sin aniar aduaidh orainn; tá sé le cloisteáil, le feiceáil agus le léamh le fada an lá. Léiríonn figiúirí an daonáirimh go raibh laghdú suntasach maidir le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht taobh amuigh den chóras oideachais ó 24% in 2011 go 21.4% in 2016. Chomh maith leis sin, agus roimh an daonáireamh sin, léirigh an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a foilsíodh in 2007 agus a nuashonraíodh in 2015, go raibh an Ghaeltacht go mór i mbaol. Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre déanta ag an Aire Stáit ach tá rudaí ag dul in olcas go ginearálta. Tiocfaidh mé ar ais go dtí na pointí dearfacha.

Tá inmharthanacht na nGaeltachtaí fite fuaite le cúrsaí fostaíochta agus eacnamaíochta. Aontaím leis an Aire Stáit go bhfuil Údarás na Gaeltachta thar a bheith tábhachtach. Gan Údarás na Gaeltachta, bheadh an drochscéal i bhfad níos measa. Sa chomhthéacs sin, ba drochscéal amach agus amach an cinneadh a rinne HID Global athlonnú a dhéanamh ó chroílár na Gaeltachta go cathair na Gaillimhe. Tá súil agam go mbeidh sé ag dul siar ar an gcinneadh sin. Is é an rud gur mhaith liom aird a tharraingt air ná an chumacht a bhí ag an IDA agus atá ag an IDA an comhlacht sin a mhealladh ó chroílár na Gaeltachta go Gaillimh. Ba mhaith liom teacht ar ais go dtí an scéal sin am éigin eile, ach léiríonn sé an easpa cothromaíochta atá idir Údarás na Gaeltachta agus an IDA.

Chomh maith leis sin, tá pleananna teanga faofa ag an Aire Stáit agus tá pleanálaithe teanga ceaptha i gcuid mhór de na Gaeltachtaí. Is rud maith é sin ach ní leor an maoiniú atá á chur ar fáil chun na pleananna sin a chur i bhfeidhm. Tá a fhios agam go bhfuil €100,000 in aghaidh na bliana i gceist ach i ndáiríre is pinginí é sin nuair is é an aidhm atá againn ná an teanga phobail a athbheochan agus a chothú. Tá i bhfad níos mó ag teastáil chun an próiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm. Tá an iomarca freagrachta ar an phobal rudaí a dhéanamh go deonach.

Ní féidir linn glacadh leis sin. Taobh amuigh den Ghaeltacht tá cúig líonra Gaeilge aitheanta mar phobal Gaeilge a fheidhmíonn trí ghréasáin shóisialta. Tugann an t-aitheantas seo aitheantas chomh maith don phobal iar-nua-aoiseach atá tagtha chun cinn agus na bealaí a idirghníomhaíonn daoine lena chéile sa lá atá inniu ann. Tá an chéim seo le moladh freisin, agus ní mór a lua go bhfuil an maoiniú cuí ag teastáil chun na líonraí Gaeilge seo a fhorbairt go héifeachtach sa todhchaí.

Ó thaobh cúrsaí oideachais de, ní mór dom a admháil go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir le polasaí oideachais don Ghaeltacht a foilsíodh breis agus dhá bhliain ó shin anois. Tá a fhios agam go bhfuil próiseas leanúnach i bhfeidhm anois ó thaobh aitheantas a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta agus feicimid toradh an phróisis sin. Comhthreomhar leis seo tá méadú déanta freisin ó thaobh líon na nGaelscoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht ach tá sé thar a bheith soiléir nach bhfuil an córas pátrúnachta feiliúnach chun freastal ar an éileamh leanúnach ar a thuilleadh Gaelscoileanna nua. Mar shampla, léiríonn suirbhé a rinne an ESRI in 2015 go roghnódh 23% den phobal ó dheas an Ghaelscolaíocht dá gcuid páistí dá mbeadh Gaelscoil in aice leo ach nach bhfuil ach soláthar 5% ann don bhunscolaíocht Ghaeilge faoi láthair. Chomh maith leis sin, cé go bhfuil dhá Ghaelscoil bhreise beartaithe do 2019, is figiúr beag é sin as an mórfhigiúr scoileanna atá le tógáil i mbliana.

Anuas air sin, tá a fhios ag cách gurb é caighdeán Gaeilge na múinteoirí go ginearálta croílár na faidhbe maidir le múineadh na Gaeilge. Tá an fhadhb seo admhaithe go hoscailte ag na hionadaithe éagsúla ón Roinn agus ag na hinstitiúidí oideachais a tháinig agus a thagann os ár gcomhair go rialta go dtí Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. Arís, cé go bhfuil céimeanna dearfacha tógtha i gcoláistí áirithe, is fadhb mhór le sárú fós í má táimid i ndáiríre faoin nGaeilge.

Ba mhaith liom deireadh a chur le m'óráid le haitheantas a thabhairt do na gníomhairí teanga agus pobail ar fad a théann i mbun feachtasaíochta ar mhaithe le cearta teanga agus daonna a bhaint amach do phobal na Gaeilge, Thuaidh agus Theas, gach lá. Tá an dream Dearg le Fearg, Conradh na Gaeilge agus grúpaí agus eagraíochtaí Gaeilge eile ann le moladh as an tsárobair a dhéanann siad ar mhaithe le Gaeilgeoirí na tíre seo.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt do na tuismitheoirí atá ag tógáil clann le Gaeilge ar fud na tíre seo agus iad ag snámh in aghaidh easa chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chothú agus a chur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile. Níl aon dabht ann go bhfuil éacht ar bun ag na tuismitheoirí seo. Is iad siúd na daoine a chinnteoidh rath na Gaeilge mar theanga phobail sa todhchaí agus tá gach tacaíocht agus buíochas ag dul dóibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.